Nuacht Mhall | Conradh na Gaeilge i Londain

Eist le Eagle Player ar d'Amiga

Foinse: https://podcasters.spotify.com/pod/show/cnag-ldn

14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh c...

...léigh (n s)

7 Nollaig 2024 (An Clár)

Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir ...

...léigh (n s)

30 Samhain 2024 (Ard Mhacha)

Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fái...

...léigh (n s)

23 Samhain 2024 (Luimneach)

Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” -  agus bualadh saor�...

...léigh (n s)

16 Samhain 2024 (Dún na nGall)

Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breosla�...

...léigh (n s)

9 Samhain 2024 (Tiobraid Árann)

Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh n...

...léigh (n s)

2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)

Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ...

...léigh (n s)

26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún)

Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid ...

...léigh (n s)

19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh)

Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin The...

...léigh (n s)

12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí)

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

...

...léigh (n s)

5 Deireadh Fómhair 2024 (Maigh Eo)

Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó d...

...léigh (n s)

28 Meán Fómhair 2024 (Baile Átha Cliath)

Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir...

...léigh (n s)

21 Meán Fómhair 2024 (Luimneach)

Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh brei...

...léigh (n s)

14 Meán Fómhair 2024 (Ard Mhacha)

Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiú...

...léigh (n s)

7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)

Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin an

...

...léigh (n s)

31 Lúnasa 2024 (Dún na nGall)

Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus c...

...léigh (n s)

24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)

Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús

...

...léigh (n s)

17 Lúnasa 2025 (Tiobraid Árann)

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí Chonaill. Bronnadh seacht mbonn san iomlán ar fhoireann na hÉireann i m...

...léigh (n s)

10 Lúnasa 2024 (An Dún)

Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiai...

...léigh (n s)

3 Lúnasa 2024 (Ciarraí)

Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa sn�...

...léigh (n s)

27 Iúil 2024 (Gaillimh)

D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Le...

...léigh (n s)

20 Iúil 2024 (Maigh Eo)

Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhoch...

...léigh (n s)

13 Iúil 2024 (Baile Átha Cliath)

Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. Spreag a cás idirghabháil ón Taoiseach Sim...

...léigh (n s)

6 Iúil 2024 (Luimneach)

Creidtear gurb é fionnachtain nua ealaíne uaimhe ar oileán Sulawesi i ndeisceart na hIndinéise an radharc is sine ar domhan a léirítear san ealaín. Creidtear go bhfuil an phéintéireacht ar a laghad caoga míle bliain d’aois agus léiríonn sé muc allta in aice le trí fhíor atá cosúil le daoine. Mar gheall ar an suíomh a bheith ...

...léigh (n s)

29 Meitheamh 2024 (Ard Mhacha)

Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan Dhoire, Ard Mhacha in éadan Ros Comáin, Dún na nGall in éadan Lú ...

...léigh (n s)

22 Meitheamh 2024 (Ciarraí)

Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhlach na Breataine. Meastar go raibh pléascadh mianaigh ar bord agus...

...léigh (n s)

15 Meitheamh 2024 (Tír Eoghain)

In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh ...

...léigh (n s)

8 Meitheamh 2024 (An Dún)

Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lo...

...léigh (n s)

1 Meitheamh 2024 (Tiobraid Árann)

 

...

...léigh (n s)

Tuilleadh>>