Nuacht Mhall | Conradh na Gaeilge i Londain

Eist le Eagle Player ar d'Amiga

Foinse: https://podcasters.spotify.com/pod/show/cnag-ldn

4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath)

Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu.  ‘Céad Míle Fáilte’ an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gae...

...léigh (n s)

27 Aibreán 2024 (Luimneach)

Níos luaithe an tseachtain seo shínigh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden pacáiste cúnaimh nócha cúig billiún dollar don Úcráin, d'Iosrael agus don Téaváin. Dúirt Uachtarán na hÚcráine Vlodomyr Zelenzky go neartaíonn sé “ról Mheiriceá mar chomhartha daonlathais agus mar cheannaire ar an saol saor”. Bhí sé ag éil...

...léigh (n s)

20 Aibreán 2024 (Maigh Eo)

Chríochnaigh an t-ionchuisne sa dóiteán tubaisteach sa chlub oíche Stardust i mBaile Átha Cliath Déardaoin. Tharla an dóiteán in 1981, and d’éag 48 duine ann. Shroich an giúiré an breithiúnas gur maraíodh iad uilig go neamhdhleathach. An t-ionchuisne is faide i stair an stáit ba ea, agus le linn breis agus céad lá d’fhia...

...léigh (n s)

13 Aibreán 2024 (Dún na nGall)

Chuaigh OJ Simpson, iar-réalta peile Meireacánaí, ar shlí na fírinne le linn na seachtaine. Bhain sé clú amach mar fhear spóirt sna seascaidí agus arís mar aisteoir sna hochtóidí ach ansin bhí sé sna ceannlínte arís in 1994 nuair a fuarthas a iarbhean agus cara dá cuid marbh taobh amuigh dá teach in Los Angeles. Triaileadh Sim...

...léigh (n s)

6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain)

Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Tao...

...léigh (n s)

30 Márta 2024 (Tiobraid Árann)

Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gco...

...léigh (n s)

23 Márta 2024 (An Dún)

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé chun éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol”. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh nuair a bhuaigh sé toghchán ceannaireachta Fhine Gael in 20...

...léigh (n s)

16 Márta 2024 (Ciarraí)

Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach...

...léigh (n s)

9 Márta 2024 (An Clár)

Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. ...

...léigh (n s)

2 Márta 2024 (Maigh Eo)

Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus a...

...léigh (n s)

24 Feabhra 2024 (Baile Átha Cliath)

D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé...

...léigh (n s)

17 Feabhra 2024 (Luimneach)

Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach com...

...léigh (n s)

10 Feabhra 2024 (Ard Mhacha)

Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar chea...

...léigh (n s)

3 Feabhra 2024 (An Clár)

Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeff...

...léigh (n s)

27 Eanáir 2024 (Tír Eoghain)

Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh...

...léigh (n s)

20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann)

Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneac...

...léigh (n s)

13 Eanáir 2024 (An Dún)

Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar g...

...léigh (n s)

6 Eanáir 2024 (Ciarraí) - TÉIC 2

Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhaidh go dtarlódh súnámaí. Deineadh aslonnú ar na...

...léigh (n s)

30 Nollaig 2023 (Dún na nGall)

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh méadú iontrálacha ospidéil mar gheall ar ardú “an-ghéar” i líon na gcásanna covid agus fliú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag feiceáil méadú na ndaoine a bhfuil tinneas riospráide orthu ag freastal ar rannóga éigeandála. Chonacthas 538 duine le fliú agus 282 ...

...léigh (n s)

23 Nollaig 2023 (Maigh Eo)

Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éi...

...léigh (n s)

16 Nollaig 2023 (Baile Átha Cliath)

Táthar ag súil go dtabharfar borradh mór airgid do chluichí Gaelacha tar éis an tsíntiús is déanaí ón mbilliúnaí Luimnigh JP McManus. Tháinig sé chun solais maidin Déardaoin go bhfuil McManus, atá ag tacú le CLG le fada an lá, le €1 milliún a bhronnadh ar gach contae in Éirinn, le dáileadh go cothrom ar eagraíochtaí CLG, L...

...léigh (n s)

9 Nollaig 2023 (Luimneach)

Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an r...

...léigh (n s)

2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh s�...

...léigh (n s)

25 Samhain 2023 (An Clár)

Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d�...

...léigh (n s)

18 Samhain 2023 (Tír Eoghain)

Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Fo...

...léigh (n s)

11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. L...

...léigh (n s)

4 Samhain 2023 (An Dún)

Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine...

...léigh (n s)

28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

...

...léigh (n s)

21 Deireadh Fómhair 2023 (Dún na nGall) - téic 2

Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt a...

...léigh (n s)

Tuilleadh>>