Eist le Eagle Player ar d'Amiga
Foinse: https://podcasters.spotify.com/pod/show/cnag-ldn
Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach...
Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D’fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. ...
Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus a...
D’fhógair na Stáit Aontaithe smachtbhannaí móra an tseachtain seo atá dírithe ar an Rúis mar gheall ar bhás cheannaire an fhreasúra sa tír, Alexei Navalny, agus an cogadh leanúnach san Úcráin. Fógraíodh bás Navalny sa phríosún ar an 16ú de mhí Feabhra. Dúirt na húdaráis san áitreabh pionóis sa tSibéir ina raibh sé...
Dúirt Donald Trump go spreagfadh sé an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chomhghuaillithe NATO nár chomhlíon a gcuid oibleagáidí airgeadais. Mar thoradh ar na tuairimí seo bhí roinnt polaiteoirí sinsearacha agus oifigigh ar fud an domhain ag labhairt amach i gcoinne Trump. Dúirt ardrúnaí NATO go bhfuil NATO fós réidh agus in ann gach com...
Tá an t-iarThaoiseach agus iarcheannaire Fhine Gael John Bruton tar éis bás a fháil i ndiaidh tinneas fada. Thug a chlann le fíos i ráiteas gur bhásaigh sé go suaimhneach in Ospidéal Príobháideach an Mater i mBaile Átha Cliath. Toghadh chun na Dála den chead uair é in 1969 agus bhí sé ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997 mar chea...
Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeff...
Dé hAoine, d’fhógair an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta go gcaithfidh Iosrael cinntiú nach bhfuil cinedhíothú ar siúl i Stráice Gaza. De réir an rialaithe, a tugadh sa Háig inné, tá ar Iosrael a dhícheall a dhéanamh gan cinedhíothú a ligean, agus gan fianaise gur tharla cinedhíothú a scriosadh. Cé nár iarradh sos cogaidh...
Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d’iarracht grúpa náisiúnta, eitneac...
Sa Ríocht Aontaithe, tá iar-cheannasaí Oifig an Phoist Paula Vennells ag tabhairt a CBE ar ais láithreach tar éis di dul i ngleic le brú méadaithe faoi scannal Horizon IT. Ionchúisíodh níos mó ná 700 fo-mháistrí poist bunaithe ar shonraí ó bhogearraí lochtacha Horizon idir 1999 agus 2015. Chuaigh roinnt daoine chun príosúin mar g...
Ar Lá Caille, bhuail crith talún cósta thiar na Seapáine agus fuair 48 duine bás. Faoi láthair tá na húdaráis ag cuardach a huile daoine atá faoin smionagar agus foirgnimh tite anuas agus trí thine. Sa chathair Ishikawa a bhí eipealár an chreatha talún a chur comhartha rabhaidh go dtarlódh súnámaí. Deineadh aslonnú ar na...
Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh méadú iontrálacha ospidéil mar gheall ar ardú “an-ghéar” i líon na gcásanna covid agus fliú. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag feiceáil méadú na ndaoine a bhfuil tinneas riospráide orthu ag freastal ar rannóga éigeandála. Chonacthas 538 duine le fliú agus 282 ...
Scoilteadh screamh an domhain san Íoslainn an tseachtain seo, agus bhrúcht bolcán nua san áit, in aice leis an mbaile Grindavik ar leithinis Reykjanes. Réabadh gág de thrí chiliméadar go leith sa screamh, ónár tháinig laibhe ag ráta thart ar chéad nó dhá chéad méadar ciúbach sa soicind ar dtús. Tharla an brúchtadh tar éi...
Táthar ag súil go dtabharfar borradh mór airgid do chluichí Gaelacha tar éis an tsíntiús is déanaí ón mbilliúnaí Luimnigh JP McManus. Tháinig sé chun solais maidin Déardaoin go bhfuil McManus, atá ag tacú le CLG le fada an lá, le €1 milliún a bhronnadh ar gach contae in Éirinn, le dáileadh go cothrom ar eagraíochtaí CLG, L...
Labhair Boris Johnson ag fiosrúchán Covid na Ríochta Aontaithe Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh brón mór air as an bpian agus as an bhfulaingt a tharla le linn na paindéime. Dúirt sé nach raibh sé cinnte an de thoradh chinntí an rialtais a bhí an líon básanna Covid níos airde ná mar is gá ach go mb’fhéidir gur bhrúigh an r...
Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh s�...
Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d�...
Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Fo...
Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. L...
Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine...
...
Tá eagla ann gur maraíodh na céadta daoine i bpléasc a tharla in Ospidéal Al-Ahli i gCathair Gaza oíche Dé Máirt. Chuir na húdaráis Palaistíneacha in Gaza, atá faoi smacht ag Hamas, an locht ar Iosrael láithreach, ag éileamh gur buille aeir d’aon turas a bhí ann, agus baint leis an ionsaí á séanadh ag Iosrael. Tar éis chuairt a...
Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea iad an tromlach mór de na mairbh, le roinnt páistí agus seandaoine ina measc, agus níos mó ná dhá chéad seasc...
...
Tá Cuallacht Scríbhneoirí Mheiriceá, a dhéanann ionadaíocht do scríbhneoirí teilifíse Hollywood, tar éis comhaontú sealadach a bhaint amach le feidhmeannaigh stiúideo. Tagann an comhaontú i ndiaidh míonna de stailceanna ó aon mhíle dhéag scríbhneoir, lena n-áirítear picéid stiúideonna, mar shampla oifigí Netflix in Lo...
...
Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ans...
Tá rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliu chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Tá 128 duine i ndiaidh bás a fháil i dtimpistí bóthair sa stát ó thús na bliana, 24 níos mó san achar céanna anuraidh. Tá an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag déanamh imsc...
...