Eist le Eagle Player ar d'Amiga
Foinse: https://podcasters.spotify.com/pod/show/cnag-ldn
...
Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de...
D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta tuarascáil maidir le tithíocht san Eoraip. Léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna ollmhór in úinéireacht tí idir daoine óga agus daoine aosta in Éirinn. Tá 80% de dhaoine níos sine ná 40 ina n-úinéir tí ach níl ach timpeall 30% de dhaoine faoi 40 ina n-úinéir ...
I dTuaisceart Éireann, nochtadh ainmneacha agus sonraí fostaíochta póilíní agus lucht oibre de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Foilsíodh na sonraí de thaisme mar fhreagra ar iarratas saorála faisnéise agus earráid dhaonna gan drochrún a bhí ann. Is cúis imní í mar gheall ar bhagairt slándála ó sceimhlitheoireac...
Tá Donald Trump tar éis a bheith cúisithe ar a iarrachtaí an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2020. Phléadáil sé Déardaoin go raibh sé neamhchiontach maidir le ceithre chúis feileonachta fheidearálacha, a bhí sa díotáil a chum an t-abhcóide speisialta Jack Smith. Is iad na cú...
Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath deich n-albam stiúideo, agus ainmníodh a hamhrán Nothing Compares 2 U ar an gcéad singil do...
Tá géarchéim RTÉ ag leanúint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, buíochas le daoine a lean ar aghaidh ag íoc a gceadúnas teilifíse. Tháinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndíolacháin cheadúnais teilifíse le dhá mhí anuas go luach milliún euro. Dar leis, tá na himeachtaí le déana...
...
Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe. Tá imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan a...
Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a b...
Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. Tá seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ag déanamh gach iarracht teacht ar an tumadóir go tapaidh mar is é 96 uair�...
Fuair Christy Dignam, príomhamhránaí Aslan, bás ag aois 63 Dé Máirt, tar éis tinneas fada. D’fhás Dignam aníos i bhFionnghlas agus thosaigh sé ag seinm ceoil sna seachtóidí, leis an ngrúpa ceoltóirí a bhunaigh an banna Aslan ag tús na n-ochtóidí. Bhí rath mór orthu lena gcéad singil “This Is” agus shínigh an grúpa conra...
Bhí leibhéil arda truailliú aeir i Meiriceá Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliún masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. Bhí aer tocsaineach le brath trasna na mór-ranna ó Philadelphia ar an chósta thoir go Detroit agus Chicago san iarthar láir. Meastar gurb é seo an trua...
Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, de réir na tuarascála is déanaí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Léiríonn a réamh-mheastacháin is...
Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh C...
Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D’fhógraigh an tUachtarán Gustavo Petro ar Twitter gur thángthas ar na leanaí tar éis “dianiarrachtaí ...
Tá eolaithe atá ag obair san Elvéis agus san Artach i ndiaidh teacht ar mhiocróib atá ábalta plaistic a dhíleá ag teocht íseal. Táthar eolach ar neart miocrób a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 céim cheana féin, ach baineann costas ard agus truailliú leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhíth. Fuarth...
Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarlas agus ansin suífidh sé ar an ríchathaoir. Déanfar ...
An tseachtain seo caite shocraigh Fox News cás dlí clúmhillte i gcoinne na cuideachta meaisínvótála Dominion. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcéad ochtó ocht milliún dollar a íoc, rud a chiallaíonn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-áirítear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chúirt. Cúisíodh oifigigh ...
D’áitigh iar-sheanadóir na Stát Aontaithe George Mitchell ar cheannairí an Tuiscirt chun gníomhú le “misneach agus gaois” mar a rinne a réamhtheachtaithe 25 bliain ó shin. Bhí Mitchell ag glacadh páirt san imeacht “Aontú 25” in Ollscoil na Banríona ina gceiliúradh comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tháini...
An tseachtain seo, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a tháinig go dtí an t-oileán. Chuaigh sé go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aige le Príomhaire Shasana Rishi Sunak agus labhair sé in Olls...
Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontú trí reifreann i mí na Bealtaine sa bhliain ...
Bhuaigh rialtas na hÉireann vóta muiníne, tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre rún mímhuiníne a ardú, i bhfreagracht don díospóireacht maidir leis an gcosc díshealbhaithe. Bhí an díospóireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc díshealbhaithe a chur i leataobh, i gcoinne rún ó Sinn Féin chun é a shíneadh go dtí mí E...
Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den ch...
Oíche Dé Domhnaigh in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Insíonn an scannán scéal faoi chailín óg a bhfuil tuismitheoirí seachmallacha aici, a chuirtear ar altrama...
Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ...
Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Ro...
Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chult�...
Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliú...