Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)

Comhad fuaime: n s | 4MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabhadh i réimeas Chromail. Bhí claontacht air i gcoinne Protastúnach, agus thug sé gach post sinsearach ina rialtas nó ina airm do Chaitlicigh, agus sula i bhfad bhí cogadh cathartha a bhain le reiligiún, talamh agus eitneacht spreagtha aige in Éirinn. Ní raibh aon airgead aige, agus mar sin rinne sé mona práinneach, an ‘mona gunnaí’, as gach saghas de dramh-mhiotal práis nó copair a bhí le fáil, mar shean-chloig, gunnaí móra agus a leithéid, le gealltanas go bhfuasclódh sé in óir agus in airgid é nuair a bhfaigheadh sé an choróin ar ais, rud nár tharla. Tháinig na mílte saighdiúir Francach leis, ar an lá seo agus níos déanaí. Acht tar éis bhriseadh Chath na Bóinne air chaill sé a dhóchas agus sciob sé ar ais go dtí an Fhrainc chomh tapaidh agus ab fhéidir leis, agus a airm ag troid fós ar a shon in Éirinn gan pháigh. Lean na Seacaibítigh ar aghaidh go deireadh an dara Léigear Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 1691, nuair a ghéill siad faoi théarmaí Chonradh Luimnigh. Ní raibh aon mhaitheas sa gconradh sin mar sáraíodh a airteagail shibhialta leis na Péindlíthe díreach ina dhiaidh; agus deirtear go ndúirt Pádraig Sáirséal “change but kings with us, and we will fight it over again with you” agus é ag idirbheartú an chonartha leis na hUilliamaítigh. Mar gheall ar an dochar a rinne sé agus a chuid meatacht phearsanta, is minic a thugtar “Séamas a’ Chaca’ ar an rí Stuart deireanach in Éirinn.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

réimeas – reign

mona práinneach – emergency money

dramh-mhiotal – refuse metal

na Péindlíthe – the Penal Laws

meatacht – cowardice

© Conradh na Gaeilge i Londain