Comhad fuaime: n s | 2MB (8svx)
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett.
Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíocht don chúis náisiúnach i gcoinne chreidimh a haicme. Chaith sí a lán ama ina teach cónaithe I bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe, agus ba thearmann do scríbhneoirí é - chaith William Butler Yeats gach samhradh ann ar feadh fiche bliain. In éineacht le Yeats agus Edward Martyn, bhunaigh Lady Gregory Amharclann Liteartha na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach, an amharclann náisiúnta atá fós gníomhach i mBaile Átha Cliath. Fuair Lady Gregory bás i 1932.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
GLUAIS
Athbheochan Liteartha na hÉireann - Irish Literary Revival
béaloideasaí - folklorist
uasaicme - upper class
tearmann - haven, refuge
© Conradh na Gaeilge i Londain