Comhad fuaime: n s | 4MB (8svx)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
Inniu an t-aonú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Bhuaigh rialtas na hÉireann vóta muiníne, tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre rún mímhuiníne a ardú, i bhfreagracht don díospóireacht maidir leis an gcosc díshealbhaithe. Bhí an díospóireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc díshealbhaithe a chur i leataobh, i gcoinne rún ó Sinn Féin chun é a shíneadh go dtí mí Eanáir 2024. Lean an díospóireacht níos mó ná dhá uair an chloig agus dúirt an Ceann Comhairle go raibh iompar ‘uafásach’ ag an dá thaobh. Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go raibh teipthe ar an rialtas maidir le tithíocht agus go bhfágfaí daoine gan dídeán mar gheall ar dheireadh an choisc. Vótáil 86 TD i bhfábhar an rialtais agus 67 ina choinne. I gcás gur chaill an rialtas an vóta, tharlódh olltogchán.
Tharla agóid le linn na seachtaine lasmuigh de Theach Laighean faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais. Bhí daltaí, múinteoirí, agus tuismitheoirí i láthair. Tá an feachtas Gaeilge4All ag iarraidh go mbunófar coiste oibre le saineolaithe Gaeilge chun fadhb na Gaeilge sa chóras oideachais a fhreagairt. Cúpla de na gearáin a chloistear ná an cinneadh conspóideach chun páipéar a haon den Ardteist Ghaeilge a bhogadh go dtí an cúigíú bliain agus córas na ndíolúintí, a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, atá imithe ‘as smacht’. Dúirt sé freisin go bhfuil 90% de mhúinteóirí míshásta le siollabais na Sraithe Sóisearaí agus go bhfuil easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na tíre.
Fuair láithreoir, fuirseoir agus draig-ríon Paul O’Grady bás Dé Céadaoin ag aois 67. Bhí cáil ar O’Grady mar an chéad draig-ríon ar theilifís príomhshrutha sa Bhreatain, ag dul ar an aer mar Lily Savage den chéad uair sna nóchaidí. Tugadh ‘ceannródaí’ uirthi agus tháinig na mílte ómós ó gach saghas duine ach go háirithe ó dhraig-ríonacha eile agus ó dhaoine ón bpobal LADTA a dúirt gur thug sí compord agus muinín dóibh a bheith compordach leo féín agus gur chruthaigh sí deiseanna d’ealaíontóiri draig eile gairm a bhaint amach. Níos déanaí sa ghairm d’éirigh O’Grady as an gcarachtar Lily Savage a dhéanamh agus rinne níos mó oibre faoina ainm féin, agus é ag tuilleadh rath agus grá an phobail arís le cláracha cosúil le ‘Paul O’Grady, For the Love of Dogs’ a lean go dtí a bhás.
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
GLUAIS
rún mímhuiníne - motion of no confidence
díospóireacht - debate
saineolaithe - experts
díolúintí - exemptions
fuirseoir - comedian
ceannródaí - trailblazer
© Conradh na Gaeilge i Londain