Senan Hogan, 26 Apr
DAOINE ATá AG DÉILEÁIL LE STRUS NÓ IMNÍ
Is minic a chloiseann tú daoine ag caint faoi imní agus strus. Bíonn
siad ag rá go bhfuil siad ‘chomh gnóthach sin’, nó ‘ag déileáil leis
an méid sin’, nó go bhfuilidir faoi bhrú. Is cosúil gurb ionann an méid
struis agus imní faoina bhfuil siad agus cé chomh cumasach is atá siad
agus gur sórt ‘suaitheantas onóra’ é.
Ach tá rud nach dtuigeann an té atá faoi bhrú! Rud a dhéanann damáiste
d’fholláine daoine óga mórthimpeall orthu!
Samhlaigh… Nuair atá tusa ag streachailt le strus agus imní, cé atá ag
féachaint ort, ag éisteacht leat agus ag foghlaim uait conas
maireachtáil ar an domhan seo? An é do theaghlach óg féin atá ann?
An é sin an chlann chéanna a raibh tú chomh bródúil astu nuair a
chonaic tú iad ag foghlaim chomh
éasca sin?… Bhí siad ‘ag sú’ rudaí isteach chomh tapaidh sin!
AN TIONCHAR AR DHAOINE ÓGA
Samhlaigh anois gur féidir leo ‘sú’ isteach agus foghlaim conas a
bheith faoi bhrú agus faoi strus.
Téann na mothúcháin atá mórthimpeall orthu i bhfeidhm go mór ar pháistí
íogaire, is cuma an sonas nó strus atá ann.
Níl strus ná imní ró-iontach dóibh i mo thuairim!
Ach ní ortsa atá an locht i ndáiríre… d’fhoghlaim muid ar fad an rud
céanna nuair a bhíomar óg.
Anois tá muid ar fad ag cóipeáil an tsóirt treoirphlean chéanna agus ag
an bpointe seo tá sé go huile is go hiomlán as dáta.
Mar sin, má tá tú ag streachailt le strus nó le himní, agus seans ann
go bhfuil sé sin mar thionchar ar do pháistí íogaire áilne… stop agus
dean rud éigin chun cabhrú leat féin.
TEICNÍCÍ CHUN DO SHAOL A ÉASCÚ
Tá neart teicnící ann is féidir a dhéanamh agus a chleachtadh le go
mbeidh saol níos séimhe agus níos éasca agat. Samhlaigh anois do chlann
ag sú isteach an tsóirt cur chuige sin agus iad do do chóipeáil anois!
Nach é sin an sórt tionchair a bheadh cabhrach do dhaoine óga? Bheadh
siad ag foghlaim faoi shaol níos suaimhní agus níos compordaí uait
ansin. Is tionchar níos fearr é sin dóibh don todhchaí.
Má tá aon cheist agat faoi na teicnící seo, nó má tá aon chabhair uait
sa réimse seo, tar i dteagmháil liom ag www.helendoyletherapy.com.
Bheinn an-sásta cabhrú leat.