26 Samhain 2022 (An Clár) - uasdátaithe

Comhad fuaime: n s | 5MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain sé 5.6 amach ar scála Richter. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine. Tá an ceantar seo in Iáva lonnaithe idir plátaí teicteonacha agus mar sin bíonn creathanna talún sa réigiún go minic.

Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil an ceart ag Parlaimint na hAlban reifreann eile ar neamhspleáchas na tíre a fhógairt gan cead ón Rialtas in Westminster. D’fhógair an Tiarna Robert Reed an cinneadh ar son na Cúirte agus dúirt sé gur cinneadh d’aon ghuth a bhí ann. Léirigh Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon a díoma faoin rialú ach dúirt sí go raibh ceart féinchinntiúcháin fós ag Albain. Tharla an chéad reifreann ar neamhspleáchas na hAlban ocht mbliana ó shin. Sa reifreann sin, vótáil 55% den phobal i gcoinne an neamhspleáchais ach tá roinnt athruithe tar éis teacht ar an scéal ó shin i leith, mar shampla an Breatimeacht, rogha a dhiúltaigh pobal na hAlban go formhór. Dúirt Nicola Sturgeon go mbeidh an chéad olltoghchán eile mar reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.

Cuireadh tús leis an gCorn Domhanda i gCatar Dé Domhnaigh nuair a chaill an tír óstach in aghaidh Eacuadór. Seo an chéad uair a bhfuil an Corn Domhanda ar siúl i dtír Arabach ach tá go leor conspóide ag baint leis an gcomórtas. Creidtear go forleathan go raibh éilliú sa chaoi ar roghnaigh FIFA an tír óstach. Chomh maith leis sin, cáineann gníomhaithe ar son cearta daonna Catar mar gheall ar an gcaoi go gcaitear le hoibrithe inimirce agus an easpa cearta don phobal LADTA+. Creidtear go bhfuair níos mó ná 6,500 oibrí inimirce bás ó bronnadh an comórtas, an chuid is mó as fo-ilchríoch na hIndia. D’éiligh Amnesty International ar FIFA ciste a bhunú d’oibrithe inimirce agus a gclann. Maidir le cúrsaí ar an bpáirc imeartha, bhí dhá iontas mhóra ann go dtí seo: chaill an Airgintín in aghaidh ha hAraibe Sádaí agus fuair an tSeapáin an lámh in uachtar ar an nGéarmáin.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

crith talún - earthquake

eipealár - epicentre

sciorradh talún - landslide

d'aon ghuth - unanimous

ceart féinchinntiúcháin - right to self-determination

éilliú - corruption

fo-ilchríoch - subcontinent

© Conradh na Gaeilge i Londain