Nuacht Mhall | Conradh na Gaeilge i Londain

Eist le Eagle Player ar d'Amiga

Foinse: https://anchor.fm/cnag-ldn

28 Eanáir 2023 (Dún na nGall)

Tá cinniúint déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an R...

...léigh (n s)

21 Eanáir 2023 (An Dún)

Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithni...

...léigh (n s)

14 Eanáir 2023 (Tiobraid Árann)

Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington dhá bhliai...

...léigh (n s)

7 Eanáir 2023 (Maigh Eo)

Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun...

...léigh (n s)

31 Nollaig 2022 (Baile Átha Cliath)

Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na coinníollacha i gcuid de na réigiúin is measa ag dul i bhfeabhas ach tá ullmhúcháin á ...

...léigh (n s)

24 Nollaig 2022 (Luimneach)

Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain sta...

...léigh (n s)

17 Nollaig 2022 (Tír Eoghain)

Maraíodh saighdiúir Éireannach agus gortaíodh go dona saighdiúir eile sa Liobáin an tseachtain seo nuair a rinneadh ionsaí ar an chonbhua ina raibh siad. Bhí na coimeádaithe síochana ag taisteal go Béiriút nuair a tosaíodh ag lámhach orthu le mionairm. Rugadh Seán Rooney, an saighdiúir a bhásaigh, i gContae Lú agus bhí sé ag cur...

...léigh (n s)

10 Nollaig 2022 (Ciarraí)

Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an pe...

...léigh (n s)

3 Nollaig 2022 (An Dún)

Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is d...

...léigh (n s)

26 Samhain 2022 (An Clár) - uasdátaithe

Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain...

...léigh (n s)

19 Samhain 2022 (Dún na nGall)

Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh le pacáiste scaoilíocaíochta de phá trí mhí. Tháinig an teachtair...

...léigh (n s)

12 Samhain 2022 (Tiobraid Árann)

Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála agus go bh...

...léigh (n s)

5 Samhain 2022 (Ard Mhacha)

Bhí an bua ag Lula da Silva sa toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl. Ag an deireadh ní raibh mórán idir Lula, atá ar an eite chlé, agus an duine sa phost faoi láthair, Bolsanaro. Fuair Lula nach mór 51%, agus 49% ag Bolsonaro. Tá imní ar an saol mhór nach mbeidh Bolsanaro sásta glacadh leis an toradh seo agus go ndéanfaidh sé iarrac...

...léigh (n s)

29 Deireadh Fómhair 2022 (Maigh Eo)

Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agu...

...léigh (n s)

22 Deireadh Fómhair 2022 (Baile Átha Cliath)

Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d’éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgai...

...léigh (n s)

15 Deireadh Fómhair 2022 (Luimneach)

Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. I...

...léigh (n s)

8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)

Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaon...

...léigh (n s)

1 Deireamh Fómhair 2022 (An Dún)

Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle ...

...léigh (n s)

24 Meán Fómhair 2022 (Ciarraí)

Léirítear i suirbhé nua go bhfuil níos mó ná beirt as gach cúigear in Éirinn gan phinsean tar éis moill a chur ar cheann a thosnú nó moill a chur ar a ndáta scoir beartaithe mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála. Ba í Seachtain Feasachta na bPinsean a choimisiúnaigh an suirbhé. Deineadh taighde ar níos mó ná 1,000 d...

...léigh (n s)

17 Meán Fómhair (An Clár)

D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go b...

...léigh (n s)

10 Meán Fómhair 2022 (Maigh Eo)

D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí...

...léigh (n s)

3 Meán Fómhair 2022 (Dún na nGall)

Féadtar comparáid a dhéanamh idir an monsún i mbliana agus monsún na bliana 2010, an ceann ba mharfaí i stáir na Pacastáine, inar maraíodh níos mó ná 2,000 duine. Maraíodh ar an chuid is lú 1,136 duine ó mhí an Mheithimh agus scriosadh bóithre, barra, bailte, agus droichid ar fud na tíre. Tuairimíonn oifigigh go raibh níos mó n...

...léigh (n s)

27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)

Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nu...

...léigh (n s)

20 Lúnasa 2022 (Baile Átha Cliath)

Táthar ag súil go mbaileoidh na sluaite ag Béal na Blá in Iarthar Chorcaí an deireadh seachtaine seo le haghaidh lá cuimhneacháin ag comóradh céad bliain ó bhásaigh an ceannaire míleata agus polaitiúil, Mícheál Ó Coileáin. Ba dhuine lárnach é Ó Coileáin i gCogadh na Saoirse in Éirinn a thug tacaíocht don Chonradh Angla-Éirea...

...léigh (n s)

13 Lúnasa 2022 (Tiobraid Árann)

Rinne an FBI creach ar theach Donald Trump in Palm Beach, Florida Dé Luain. Creidtear go raibh siad ag lorg doiciméid a bhaineann le hAirm Núicléacha. Níl sé soiléir ar tháinig siad ar na doiciméid i gceist. I ndiaidh na creiche dúirt Trump gur ‘weaponisation’ ar an gCóras Dlí Choiriúil a bhí ar siúl ag daoine atá ag iarraidh ba...

...léigh (n s)

6 Lúnasa 2022 (Luimneach)

Bhí bean chéile Uachtarán na hÉireann, Sabina Higgins, páirteach i gconspóid an tseachtain seo mar thoradh ar litir a scríobh sí chuig an Irish Times maidir lena thráchtaireacht ar an gcogadh san Úcráin. Sa litir, atá bainte de shuíomh idirlín an Árais anois, scríobh Sabina go raibh díomá uirthi nár spreag an nuachtán aon idirbh...

...léigh (n s)

30 Iúil 2022 (Ard Mhacha)

Fuair iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Uladh David Trimble bás i ndiaidh tinneas gairid. Bhí sé 77 bliain d’aos. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air i dteannta John Hume, ceannaire an SDLP, in 1998 mar gheall ar an ról tábhachtach a bhí acu sa phróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Murach eisean agus an obair déanta aige ...

...léigh (n s)

23 Iúil 2022 (An Dún)

Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ...

...léigh (n s)

16 Iúil 2022 (An Clár)

D’fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an m...

...léigh (n s)

Tuilleadh>>