đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall â€ș 1715421600.gmi captured on 2024-08-18 at 18:34:30. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2024-05-12)

-=-=-=-=-=-=-

11 Bealtaine 2024 (Ard Mhacha)

Comhad fuaime: n s | MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an t-aonĂș lĂĄ dĂ©ag de MĂ­ na Bealtaine. Is mise Barra

Mac Giolla AolĂĄin.

Rinne Iosrael buamåil ar chathair Rafah i nGaza, åit atå dubh

le daoine ag ceann thiar theas na Stråice. In ainneoin agóidí

idirnĂĄisiĂșnta, sheol Iosrael tancanna isteach in Rafah innĂ© agus ghlac said smacht ar an trasbhealach teorann is mĂł. Is Ă© seo an prĂ­omhbhealach chun cĂșnamh a fhĂĄil isteach i StrĂĄice Gaza. DĂșirt an Teach BĂĄn go raibh siad in aghaidh ionradh ar Rafah. TuairiscĂ­tear gur choinnigh na MeiriceĂĄnaigh siar lasta mĂłr buamaĂ­ a bhĂ­ siad le seoladh chuig Iosrael an tseachtain seo caite mar gheall air seo. BhĂ­ imnĂ­ ar na NĂĄisiĂșin Aontaithe faoi agus dĂșradh go raibh Iosrael ag "tachtadh" prĂ­omh-artairí cĂșnaimh Gaza. De rĂ©ir tuairiscĂ­ leanann idirbheartaĂ­ocht sĂ­ochĂĄna ar aghaidh san Éigipt idir Iosrael agus Hamas ach nĂ­l aon dul chun cinn dĂ©anta go dtĂ­ seo.

TĂĄ Éire tar Ă©is dul ar aghaidh go dtĂ­ cluiche ceannais na hEoraifĂ­se den chĂ©ad uair ó bhí 2018 ann. D’éirigh le “Bambie Thug” sa bhabhta leathcheannais DĂ© MĂĄirt, leis an amhrĂĄn “Doomsday Blue” in Malmö na Sualainne. DĂșirt mĂĄthair Bambie Thug Laura le Morning Ireland de chuid RTÉ “nach feidir lĂ©i fanacht” go bhfeicfidh sĂ­ an t-amhrĂĄnaĂ­ as Corcaigh ag seinm sa chluiche ceannais. BhĂ­ dĂ­omĂĄ ar lucht leanĂșna na hEoraifĂ­se mar nĂ­or bhain an AstrĂĄil åit amach sa chomĂłrtas i mbliana. BhĂ­ ar na heagraithe leithscĂ©al a ghabhĂĄil tar Ă©is do dhuine de thaibheoirĂ­ DĂ© MĂĄirt siombail a bhĂ­ ar son na PalaistĂ­ne a thaispeĂĄint, agus rinneadh agĂłid mhĂłr nuair a bhĂ­ an t-amhrĂĄnaĂ­ as Iosrael ag seinm DĂ©ardaoin. TĂĄ go leor daoine ag moladh gur chĂłir baghcat a dhĂ©anamh ar an chluiche ceannais anocht, mar gheall ar rannphĂĄirtĂ­ocht Iosrael, agus an cogadh fĂłs ar siĂșl in Gaza.

Beidh dhĂĄ chluiche ceannais cĂșige sa pheil ar siĂșl an deireadh seachtaine beag seo. Ceaptar go mbeadh an bua ag Baile Átha Cliath ar LĂș go hĂ©asca i gcluiche ceannais Laighean, ach, maidir le cluiche ceannais Uladh i gCluain Eois DĂ© Domhnaigh, tĂĄ tĂĄ sĂ© deacair buaiteoir a phiocadh amach idir Ard Mhacha agus DĂșn na nGall. TĂĄ Jim

McGuinness ar ais mar bhainisteoir DhĂșn na nGall agus tĂĄ

muinĂ­n ard ann. TĂĄ sĂ© ag cur orthu a chreidiĂșint gur fĂ©idir

leo rudaí a dhéanamh nårbh fhéidir leo a dhéanamh anuraidh. Ar an taobh eile tå Kieran McGeeney ag lorg a

chĂ©ad bhua i gcraobh Uladh as deich n-iarracht. Ba cheart gur comĂłrtas spreagĂșil a bheadh ann.  Bhuaigh CiarraĂ­ agus Gaillimh na cluichĂ­ ceannais eile i gCĂșige Mumhan agus i gCĂșige Chonnacht an tseachtain seo caite.

LĂ©irithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. TĂĄ an script ar fĂĄil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

trasbhealach teorann - border crossing

lasta buamaĂ­ - a cargo of bombs

tachtadh - suffocating, smothering

lucht leanĂșna na hEoraifĂ­se - Eurovision followers/fans

taibheoirĂ­ - performers

spreagĂșil - exciting

© Conradh na Gaeilge i Londain