đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall â€ș 1688810400.gmi captured on 2023-09-28 at 16:07:11. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2023-07-10)

-=-=-=-=-=-=-

8 IĂșil 2023 (Ard Mhacha)

Comhad fuaime: n s | MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an t-ochtĂș lĂĄ de mhĂ­ IĂșil. Is mise Barra Mac Giolla AolĂĄin.

BhĂ­ meadĂș ar an fhorĂ©igean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. DĂșirt an Taoiseach sa DĂĄil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. TĂĄ dhĂĄrĂ©ag PalaistĂ­neach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad nĂ­os mĂł gortaithe. TĂĄ imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan ag na PalaistĂ­nigh agus nĂ­os mĂł bĂĄsanna. In Iosrael sa chathair Tel Aviv thiomĂĄin fear PalaistĂ­neach dĂ­reach isteach i slua daoine ar an tsrĂĄid. DĂșirt arm Iosrael go bhfuil an oibrĂ­ocht in Jenin thart anois agus gur maraĂ­odh saighdiĂșir amhĂĄin.

DĂșirt an lĂĄithreoir Ryan Tubridy agus a ghnĂ­omhaire Noel Kelly go bhfuil sĂ© sĂĄsta cuidiĂș a thabhairt do choiste an Oireachtais ar na MeĂĄin ChumarsĂĄide an tseachtain seo chugainn. Sheol siad litir chuig an choiste ach nĂ­l sĂ© soilĂ©ir conas a thabharfaidh siad fianaise. Beidh bainistĂ­ocht RTÉ ar ais os comhair an Oireachtais an tseachtain seo chugainn i ndiaidh dĂł teacht chun solais go raibh nĂ­os mó “cuntais rĂșnda” in ĂșsĂĄid acu. DĂșirt cathaoirleach an Choiste Niamh Smyth TD go bhfuil “an-dĂ­omá” uirthi go raibh an t-eolas a tugadh an tseachtain seo caite ag RTÉ “mĂ­chruinn”.

TĂĄ seirbhĂ­s slĂĄinte nĂĄisiĂșnta na Breataine (an NHS) ag ceiliĂșradh seachtĂł cĂșig bliana ar an fhĂłd an tseachtain seo. Tå meas forleathan ag muintir na Breataine ar an eagraĂ­ocht ach nĂ­ ceiliĂșradh iomlĂĄn sona a bheidh ann. TĂĄ fadhbanna mĂłra le liostaĂ­ feithimh, folĂșntais foirne, gnĂ­omhaĂ­ocht thionsclaĂ­och agus sĂĄsamh an phobail ag titim. I rith stair an NHS d’oibrigh na mĂ­lte Éireannach in ospidĂ©il ar fud na tĂ­re agus sin an scĂ©al go fĂłill inniu. TĂĄthar ĂĄ mhaĂ­omh go bhfuil gĂĄ le hathrĂș agus infheistĂ­ocht chun Ă© a dhĂ©anamh oiriĂșnach don todhchaĂ­.

LĂ©irithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. TĂĄ an script ar fĂĄil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

foréigean - violence

ionradh - incursion

gnĂ­omhaire - agent

fianaise - evidence

liostaĂ­ feithimh - waiting lists

folĂșntais foirne - staff vacancies

gnĂ­omhaĂ­ocht thionsclaĂ­och - industrial action

© Conradh na Gaeilge i Londain