đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall captured on 2023-09-28 at 15:33:04. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2023-09-08)

âžĄïž Next capture (2023-11-04)

🚧 View Differences

-=-=-=-=-=-=-

Nuacht Mhall | Conradh na Gaeilge i Londain

Eist le Eagle Player ar d'Amiga

Foinse: https://podcasters.spotify.com/pod/show/cnag-ldn

23 MeĂĄn FĂłmhair 2023 (An ClĂĄr)

...

...léigh (n s)

16 MeĂĄn FĂłmhair 2023 (TĂ­r Eoghain)

Tharla dhĂĄ thubaiste nĂĄdĂșrtha uafĂĄsacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talĂșn ar mhĂ©id 6.9, ar a dtugtar 'forĂ©igneach' ar scĂĄla dĂ©ine Mercalli, i MaracĂł, 70 cilimĂ©adar siar Ăł dheas Ăł Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba Ă© an crith talĂșn ba lĂĄidre a taifeadadh sa tĂ­r Ăł bhĂ­ 1960 ann. Ans...

...léigh (n s)

9 MeĂĄn FĂłmhair 2023 (Ard Mhacha)

TĂĄ rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhĂłithre a Ă­sliu chun an lĂ­on daoine a mharaĂ­tear i dtionĂłiscĂ­ bĂłthair a laghdĂș. TĂĄ 128 duine i ndiaidh bĂĄs a fhĂĄil i dtimpistĂ­ bĂłthair sa stĂĄt Ăł thĂșs na bliana, 24 nĂ­os mĂł san achar cĂ©anna anuraidh. TĂĄ an tAire StĂĄit sa Roinn Iompair Jack Chambers ag dĂ©anamh imsc...

...léigh (n s)

2 MeĂĄn FĂłmhair 2023 (CiarraĂ­)

...

...léigh (n s)

26 LĂșnasa 2023 (An DĂșn)

Is Ă­ an India an chĂ©ad tĂ­r chun spĂĄsĂĄrthach a thabhairt i dtĂ­r go rathĂșil ar phol theas na gealaĂ­. Theip ar iarrachtaĂ­ na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thĂ­r-raon garbh an phoil theas bhĂ­ sĂ© deacair teacht i dtĂ­r. BhĂ­ sĂ© mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chĂ©ad spĂĄsĂĄrthach chun teagmhĂĄil a dhĂ©anamh i rĂ©igiĂșn de...

...léigh (n s)

19 LĂșnasa 2023 (Tiobraid Árann)

D’fhoilsigh an InstitiĂșid Taighde EacnamaĂ­ochta agus SĂłisialta tuarascĂĄil maidir le tithĂ­ocht san Eoraip. LĂ©irĂ­tear sa tuarascĂĄil go bhfuil bearna ollmhĂłr in ĂșinĂ©ireacht tĂ­ idir daoine Ăłga agus daoine aosta in Éirinn. TĂĄ 80% de dhaoine nĂ­os sine nĂĄ 40 ina n-ĂșinĂ©ir tĂ­ ach nĂ­l ach timpeall 30% de dhaoine faoi 40 ina n-ĂșinĂ©ir ...

...léigh (n s)

12 LĂșnasa 2023 (DĂșn na nGall)

I dTuaisceart Éireann, nochtadh ainmneacha agus sonraĂ­ fostaĂ­ochta pĂłilĂ­nĂ­ agus lucht oibre de SheirbhĂ­s PĂłilĂ­neachta Thuaisceart Éireann. FoilsĂ­odh na sonraĂ­ de thaisme mar fhreagra ar iarratas saorĂĄla faisnĂ©ise agus earrĂĄid dhaonna gan drochrĂșn a bhĂ­ ann. Is cĂșis imnĂ­ Ă­ mar gheall ar bhagairt slĂĄndĂĄla Ăł sceimhlitheoireac...

...léigh (n s)

5 LĂșnasa 2023 (Maigh Eo)

TĂĄ Donald Trump tar Ă©is a bheith cĂșisithe ar a iarrachtaĂ­ an daonlathas a threascairt i ndiaidh thoghchĂĄn uachtarĂĄnachta na StĂĄt Aontaithe in 2020. PhlĂ©adĂĄil sĂ© DĂ©ardaoin go raibh sĂ© neamhchiontach maidir le ceithre chĂșis feileonachta fheidearĂĄlacha, a bhĂ­ sa dĂ­otĂĄil a chum an t-abhcĂłide speisialta Jack Smith. Is iad na cĂș...

...léigh (n s)

29 IĂșil 2023 (Baile Átha Cliath)

EagraĂ­odh bigilĂ­ in Éirinn agus sa RĂ­ocht Aontaithe chun comĂłradh a dhĂ©anamh ar an amhrĂĄnaĂ­, Sinead O'Connor, a fuair bĂĄs DĂ© CĂ©adaoin. BhĂ­ sĂ­ sĂ© bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gnĂ­omhaĂ­ as Baile Átha Cliath deich n-albam stiĂșideo, agus ainmnĂ­odh a hamhrĂĄn Nothing Compares 2 U ar an gcĂ©ad singil do...

...léigh (n s)

22 IĂșil 2023 (Luimneach)

Tå gĂ©archĂ©im RTÉ ag leanĂșint ar aghaidh an tseachtain seo. Ghabh an tArdstiĂșrthĂłir nua, Kevin Bakhurst, buĂ­ochas le daoine a lean ar aghaidh ag Ă­oc a gceadĂșnas teilifĂ­se. ThĂĄinig a thuairim mar fhreagra ar thitim i ndĂ­olachĂĄin cheadĂșnais teilifĂ­se le dhĂĄ mhĂ­ anuas go luach milliĂșn euro. Dar leis, tĂĄ na himeachtaĂ­ le dĂ©ana...

...léigh (n s)

15 IĂșil 2023 (TĂ­r Eoghain)

 

...

...léigh (n s)

8 IĂșil 2023 (Ard Mhacha)

BhĂ­ meadĂș ar an fhorĂ©igean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. DĂșirt an Taoiseach sa DĂĄil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. TĂĄ dhĂĄrĂ©ag PalaistĂ­neach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad nĂ­os mĂł gortaithe. TĂĄ imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan a...

...léigh (n s)

1 IĂșil 2023 (An ClĂĄr)

Nochtadh an tseachtain seo caite gur Ă­oc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy Ăł 2017 go 2022, mĂ©id nach raibh fĂłgartha acu go poiblĂ­. DĂșirt Tubridy fĂ©in nach raibh sĂ© ar an eolas faoi na hĂ­ocaĂ­ochtaĂ­. D’éirigh ardstiĂșrthĂłir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspĂłide agus, de rĂ©ir RTÉ, ba ise an t-aon duine a b...

...léigh (n s)

24 Meitheamh 2023 (CiarraĂ­)

TĂĄ cĂșigear turasĂłirĂ­ ar iarraidh a bhĂ­ ag dĂ©anamh turas faoin bhfarraige chun fĂ©achaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadĂłir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. TĂĄ seirbhĂ­sĂ­ cuardaigh agus tarrthĂĄla ag dĂ©anamh gach iarracht teacht ar an tumadĂłir go tapaidh mar is é 96 uairïżœ...

...léigh (n s)

17 Meitheamh 2023 (Tiobraid Árann)

Fuair Christy Dignam, prĂ­omhamhrĂĄnaĂ­ Aslan, bĂĄs ag aois 63 DĂ© MĂĄirt, tar Ă©is tinneas fada. D’fhĂĄs Dignam anĂ­os i bhFionnghlas agus thosaigh sĂ© ag seinm ceoil sna seachtĂłidĂ­, leis an ngrĂșpa ceoltĂłirĂ­ a bhunaigh an banna Aslan ag tĂșs na n-ochtĂłidĂ­. BhĂ­ rath mĂłr orthu lena gcĂ©ad singil “This Is” agus shĂ­nigh an grĂșpa conra...

...léigh (n s)

10 Meitheamh 2023 (An DĂșn)

BhĂ­ leibhĂ©il arda truailliĂș aeir i MeiriceĂĄ Thuaidh an tseachtain seo de bharr falscaithe i gCeanada. I Nua-Eabhrac, tugadh amach milliĂșn masc agus moladh do dhaoine fanacht taobh istigh. BhĂ­ aer tocsaineach le brath trasna na mĂłr-ranna Ăł Philadelphia ar an chĂłsta thoir go Detroit agus Chicago san iarthar lĂĄir. Meastar gurb Ă© seo an trua...

...léigh (n s)

3 Meitheamh 2023 (DĂșn na nGall)

TĂĄ Éire chun a spriocanna aerĂĄide 2030 a chailleadh mura ndĂ©anann gach earnĂĄil, lena n-ĂĄirĂ­tear talmhaĂ­ocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrĂ­ch go gasta agus a choinneĂĄil amach anseo, de rĂ©ir na tuarascĂĄla is dĂ©anaĂ­ Ăłn GhnĂ­omhaireacht um ChaomhnĂș Comhshaoil. LĂ©irĂ­onn a rĂ©amh-mheastachĂĄin is...

...léigh (n s)

27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

Thosaigh cĂ©im na ngrĂșpaĂ­ i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. BhĂ­ Maigh Eo i bhfad rĂłlĂĄidir do ChiarraĂ­ i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichĂ­ gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann LĂșthchleas Gael. NĂ­or buaileadh C...

...léigh (n s)

20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

EisĂ­odh tuairiscí contrĂĄrtha faoi na ceathrar leanaĂ­, leanbh de aon mhĂ­ dhĂ©ag d'aois san ĂĄireamh, atĂĄ ar strae i bhforaois bhĂĄistĂ­ na hAmasĂłine na ColĂłime tar Ă©is timpiste eitleĂĄin nĂ­os mĂł nå coicĂ­s ó shin. D’fhĂłgraigh an tUachtarĂĄn Gustavo Petro ar Twitter gur thĂĄngthas ar na leanaĂ­ tar Ă©is “dianiarrachtaĂ­ ...

...léigh (n s)

13 Bealtaine 2023 (TĂ­r Eoghain)

TĂĄ eolaithe atĂĄ ag obair san ElvĂ©is agus san Artach i ndiaidh teacht ar mhiocrĂłib atĂĄ ĂĄbalta plaistic a dhĂ­leĂĄ ag teocht Ă­seal. TĂĄthar eolach ar neart miocrĂłb a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 cĂ©im cheana fĂ©in, ach baineann costas ard agus truailliĂș leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhĂ­th. Fuarth...

...léigh (n s)

6 Bealtaine 2023 (An ClĂĄr)

TĂĄ an RĂ­ocht Aontaithe ag ullmhĂș don ChorĂłnĂș an tseachtain seo. Maidin DĂ© Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh SĂ©arlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiĂșnach Ă© agus beidh cĂșig chĂ©im san imeacht. Ar dtĂșs, cuirfear ola ungtha agus corĂłin ar ShĂ©arlas agus ansin suĂ­fidh sĂ© ar an rĂ­chathaoir. DĂ©anfar ...

...léigh (n s)

29 AibreĂĄn 2023 (Luimneach)

An tseachtain seo caite shocraigh Fox News cĂĄs dlĂ­ clĂșmhillte i gcoinne na cuideachta meaisĂ­nvĂłtĂĄla Dominion. D'aontaigh an comhlacht nuachta seacht gcĂ©ad ochtĂł ocht milliĂșn dollar a Ă­oc, rud a chiallaĂ­onn nach raibh ar fheidhmeannaigh shinsearacha lena n-ĂĄirĂ­tear Rupert Murdoch fianaise a thabhairt sa chĂșirt. CĂșisĂ­odh oifigigh ...

...léigh (n s)

22 AibreĂĄn 2023 (Ard Mhacha)

D’áitigh iar-sheanadĂłir na StĂĄt Aontaithe George Mitchell ar cheannairĂ­ an Tuiscirt chun gnĂ­omhĂș le “misneach agus gaois” mar a rinne a rĂ©amhtheachtaithe 25 bliain ó shin. BhĂ­ Mitchell ag glacadh pĂĄirt san imeacht “AontĂș 25” in Ollscoil na BanrĂ­ona ina gceiliĂșradh comĂłradh ChomhaontĂș Aoine an ChĂ©asta. ThĂĄini...

...léigh (n s)

15 AibreĂĄn 2023 (CiarraĂ­)

An tseachtain seo, thug UachtarĂĄn na StĂĄt Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba Ă© an ceathrĂș UachtarĂĄn Ăł na StĂĄit Aontaithe a thĂĄinig go dtĂ­ an t-oileĂĄn. Chuaigh sĂ© go BĂ©al Feirste ar dtĂșs chun ceiliĂșradh a dhĂ©anamh ar ChomhaontĂș Aoine an ChĂ©asta. BhĂ­ cruinniĂș aige le PrĂ­omhaire Shasana Rishi Sunak agus labhair sĂ© in Olls...

...léigh (n s)

8 AibreĂĄn 2023 (TĂ­r Eoghain)

BhĂ­ imeachtaĂ­ ar siĂșl ar fud Thuaisceart Éireann DĂ© hAoine chun comĂłradh a dhĂ©anamh ar ChomhaontĂș Aoine an ChĂ©asta. SĂ­nĂ­odh an ComhaontĂș cĂșig bliana is fiche Ăł shin chun deireadh a chur leis na TrioblĂłidĂ­, inar maraĂ­odh trĂ­ mhĂ­le go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontĂș trĂ­ reifreann i mĂ­ na Bealtaine sa bhliain ...

...léigh (n s)

1 Aibreån 2023 (Tiobraid Árann)

Bhuaigh rialtas na hÉireann vĂłta muinĂ­ne, tar Ă©is do PhĂĄirtĂ­ an Lucht Oibre rĂșn mĂ­mhuinĂ­ne a ardĂș, i bhfreagracht don dĂ­ospĂłireacht maidir leis an gcosc dĂ­shealbhaithe. BhĂ­ an dĂ­ospĂłireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc dĂ­shealbhaithe a chur i leataobh, i gcoinne rĂșn Ăł Sinn FĂ©in chun Ă© a shĂ­neadh go dtĂ­ mĂ­ E...

...léigh (n s)

25 MĂĄrta 2023 (An DĂșn)

BĂ­onn nĂ­os lĂș nĂĄ 1% den chaint ar fad a dhĂ©antar i nDĂĄil Éireann i nGaeilge, de rĂ©ir taighde Ășr. LĂ©irigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliĂșn focal a labhraĂ­odh le linn trĂ©imhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaĂ­ agus focail bhuĂ­ochais a bhĂ­ i gcuid mhaith den ch...

...léigh (n s)

18 MĂĄrta 2023 (Maigh Eo)

OĂ­che Dé Domhnaigh in Hollywood, bhĂ­ “An CailĂ­n CiĂșin” san ĂĄireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannĂĄin eachtracha is fearr i mbliana. Ba Ă© an chĂ©ad scannĂĄn Gaelach a bhain an onĂłir sin amach. InsĂ­onn an scannĂĄn scĂ©al faoi chailĂ­n Ăłg a bhfuil tuismitheoirĂ­ seachmallacha aici, a chuirtear ar altrama...

...léigh (n s)

Cothrom an Lae - 17 Mårta (Baile Átha Cliath)

Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chĂ©ad pharĂĄid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onĂłir na FĂ©ile PĂĄdraig san ĂĄit ar a dtugtar “Naomh AgaistĂ­n” anois in Florida. LĂ©irĂ­tear sna tuarascĂĄlacha gur shocraigh biocĂĄire Éireannach, Ricardo Artur, an mĂłrshiĂșl san iarchoilĂ­neacht de chuid na SpĂĄinne. Breis agus cĂ©ad bliain ...

...léigh (n s)

Tuilleadh>>