đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall â€ș 1678791646.gmi captured on 2023-06-14 at 14:22:03. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2023-03-20)

-=-=-=-=-=-=-

Cothrom an Lae - 14 Mårta (Tiobraid Árann)

Comhad fuaime: n s | 2MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

Inniu an ceathrĂș lĂĄ dĂ©ag de mhĂ­ an MhĂĄrta. Is mise Gwyneth Nic AidicĂ­n NĂ­ Loinsigh.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. TĂĄ cĂĄil ar Einstein as forbairt a dhĂ©anamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sĂ© obair thĂĄbhachtach ar theoiric na meicnice candamaĂ­. Le chĂ©ile tĂĄ an dĂĄ rĂ©imse sin ina ndĂĄ philĂ©ar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromĂłid is cĂĄiliĂșla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisĂ­ ar son na fisiceteoiriciĂșla agus go hĂĄirithe as fionnachtain dhlĂ­ na hiarmharta fĂłtaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscĂ­ agus nuĂĄlaĂ­ochta, tĂĄ an t-ainm Einstein comhchiallach le hardĂ©irim agus ceiliĂșrtar Einstein fĂłs mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhĂĄ thurgnamh neamh-rathĂșla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tĂĄbhachtaĂ­ a rinne sĂ© ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chrĂ­ochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis Ăłn bhfisic nua-aimseartha, an rĂ©imse a chabhraigh sĂ© lena bhunĂș.

LĂ©irithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. TĂĄ an script ar fĂĄil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

fisiceoir - physicist

candam - quantum

Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity

cothromóid – equation

fionnachtain - discovery

© Conradh na Gaeilge i Londain