💾 Archived View for gael.mooo.com › nuachtmhall › 1678532450.gmi captured on 2023-06-14 at 14:22:59. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

⬅️ Previous capture (2023-03-20)

-=-=-=-=-=-=-

Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

Comhad fuaime: n s | 1MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon.

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

gotach - gothic

turgnamh eolaíochta – scientific experiment

© Conradh na Gaeilge i Londain