đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall â€ș 1677841248.gmi captured on 2023-03-20 at 17:51:48. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

-=-=-=-=-=-=-

Cothrom an Lae - 3 MĂĄrta (Maigh Eo)

Comhad fuaime: n s | 3MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

Inniu an trĂ­Ăș lĂĄ de mhĂ­ an MhĂĄrta. Is mise OisĂ­n Mac Conamhna.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na RĂșise i bhfeidhm trĂ­ fhorĂłgra an tSĂĄir Alastar a DĂł. Fuair thart ar 23 milliĂșn duine, 38% de dhaonra na RĂșise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, dĂ­oladh agus ceannaĂ­odh na seirfigh thalĂșn leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pĂłsta gan cead a dtiarna talĂșn, gan ceart taistil, gan ceart a rĂ©admhaoin nĂł comhlacht fĂ©in a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus nĂ­ raibh sna seirfigh thĂ­ acht sclĂĄbhaithe. DĂșirt an SĂĄr go raibh sĂ© nĂ­ b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas Ăłn mbarr, nĂĄ fanacht go ndĂ­othĂłthaĂ­ Ă© Ăłn mbun. Fuair na seirfigh thalĂșn deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannacht, fiĂș ar phraghas ard agus uaireanta bhĂ­ an giota beag talĂșn rĂłbheag chun maireachtĂĄil a gclainne a bhaint amach; agus nĂ­or tugadh aon deis talamh a cheannacht do na seirfigh thĂ­. CĂ© go raibh an feidhmiĂș go mall le deacrachtaĂ­ mĂłra, d’athraigh an saoradh sochaĂ­ na RĂșise go mĂłr, agus chuir sĂ© deireadh leis an gcĂłras ina raibh anamacha i seilbh sa RĂșis go deo.

LĂ©irithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. TĂĄ an script ar fĂĄil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

forógra – proclamation

seirfeach – serf

rĂ©admhaoin – property

© Conradh na Gaeilge i Londain