đŸ’Ÿ Archived View for gael.mooo.com â€ș nuachtmhall â€ș 1665223254.gmi captured on 2023-01-29 at 16:05:58. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2023-01-29)

-=-=-=-=-=-=-

8 Deireadh FĂłmhair 2022 (TĂ­r Eoghain)

Comhad fuaime: n s | 4MB (8svx)

MP3 anseo

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

Inniu an t-ochtĂș lĂĄ de mhĂ­ Dheireadh FĂłmhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

BhĂ­ nĂ­os mĂł nĂĄ cĂșig mhĂ­le duine i lĂĄthair ag imeacht plĂ© maidir le todhchaĂ­ na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grĂșpa neamhbhrabĂșis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhĂ­ neart aoichainteoirĂ­ ann, idir pholaiteoirĂ­ agus daoine eile mĂłr le rĂĄ. De rĂ©ir ChomhaontĂș Aoine an ChĂ©asta, is fĂ©idir le RĂșnaĂ­ StĂĄit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhĂłgairt mĂĄs lĂ©ir go bhfuil nĂ­os mĂł nĂĄ leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil nĂ­os mĂł suime san athrĂș anois mar gheall ar imeacht na RĂ­ochta Aontaithe Ăłn Aontas Eorpach agus mar gheall ar an lĂ­on Caitliceach sa Tuaisceart a bheith nĂ­os airde nĂĄ an lĂ­on ProtastĂșnach den chĂ©ad uair.

Bronnadh Duais Nobel na LitrĂ­ochta ar an Ășdar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus gĂ©ire thomhaiste lena nochtann sĂ­ bunchĂșiseanna, coimhthĂ­os agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is Ă­ Ernaux, a scrĂ­obhann saothair neamhfhicsin chomh maith le hĂșrscĂ©alta, an chĂ©ad scrĂ­bhneoir Francach a bhain an Duais Ăł bhĂ­ 2014 ann. Rugadh agus tĂłgadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince Ă­. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliĂșn euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an tĂ© a chruthaigh sĂĄrshaothar "i dtreo idĂ©alach."

TĂĄ domhan na fichille trĂ­na chĂ©ile faoi lĂĄthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh <a href="http://chess.com/">chess.com</a>. Rinneadh fiosrĂșchĂĄn ar ardmhĂĄistir fichille Ăł MheiriceĂĄ, Hans Niemann, tar Ă©is lĂ­omhaintĂ­ a bheith curtha ina leith maidir le caimilĂ©ireacht sa spĂłrt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur ĂșsĂĄid Niemann inneall fichille chun suas le cĂ©ad cluiche a bhaint, cluichĂ­ a raibh duais airgid acu san ĂĄireamh. É sin rĂĄite, baineann na lĂ­omhaintĂ­ le cluichĂ­ ar lĂ­ne amhĂĄin agus tĂĄ cead fĂłs ag Niemann leanĂșint ar aghaidh i gCraobhchomĂłrtas Fichille na StĂĄt Aontaithe, atĂĄ ar siĂșl in Saint Louis faoi lĂĄthair.

LĂ©irithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. TĂĄ an script ar fĂĄil i d'aip phodchraolta.

GLUAIS

grĂșpa neamhbhrabĂșis - non-profit group

aoichainteoirĂ­ - guest speakers

géire thomhaiste - clinical acuity

srianta comhchoiteanna - collective restraints

ardmhĂĄistir fichille - chess grandmaster

lĂ­omhaintĂ­ - allegations

caimiléireacht - cheating

© Conradh na Gaeilge i Londain