💾 Archived View for gem.amigausers.ie › news_ie › nos1651242491.gmi captured on 2022-04-29 at 12:47:11. Gemini links have been rewritten to link to archived content
-=-=-=-=-=-=-
NÓS, 29 Apr
Beidh ‘Lá Mór na Gaeilge' ar siúl i gCearnóg Parnell i dtuaisceart na hardchathrach Dé Domhnaigh an 1 Bealtaine. Bheartaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhar leis an eagraíocht Baile Átha Cliath le Gaeilge an ócáid a reáchtáil le "ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga" agus an deis a thabhairt do mhuintir Bhaile Átha Cliath "an teanga a fheiceáil beo sa chathair".
Féile aon lae a bheidh i Lá Mór na Gaeilge agus na himeachtaí ar fad ar siúl ar Chearnóg Parnell Thuaidh idir 12.00-16.00 tráthnóna Dé Domhnaigh. Beidh trí láthair imeachtaí ann: an Mórstáitse, an Puball Cainte, agus an Seomra Ceoil (a bheidh lonnaithe i Músaem na Scríbhneoirí). Beidh margadh sráide, stainníní bia, agus ‘Cúinne na gCluichí' ann freisin.
Ag na hardáin éagsúla seo beidh ceardlanna ceoil, seónna sráide, múrphictiúir á bpéinteáil beo, comórtais, agus seisiún le haoichainteoirí. Is iad The Bonnymen, Scannal, agus Grooveline na ceoltóirí a bheidh i láthair, agus sa bPuball Cainte beidh Bláthnaid Ní Chofaigh, Bernard Dunne, Ola Majekodumni, Seán Ó Dubhchon, agus Lisa Nic an Bhreithimh. Beidh na GaelGals i mbun taifeadadh beo ar a bpodchraoladh chomh maith.
Beidh díoltóirí Gaeilge ag díol a gcuid earraí ag an margadh sráide agus beidh Aonach Amárach, an t-aonach éadaí athláimhe a bhunaigh Emma Ní Chearúil agus Jill McMahon le deireanas, ar siúl ann amuigh faoin aer. Beidh bia ar fáil ag an margadh freisin.
Léiríodh i staidéar a rinneadh i measc mhuintir na hardchathrach i mbliana gur mhaith le 69% de mhuintir na cathrach níos mó deiseanna an Ghaeilge a chloisteáil.
Tá clár iomlán na féile ar an íomhá thíos agus is féidir an t-eolas is deireanaí a fháil ó chuntais meán sóisialta Lá Mór na Gaeilge ag @lamornagaeilge.