đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș nos1650794768.gmi captured on 2022-04-28 at 17:24:00. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

-=-=-=-=-=-=-

Aitheantas speisialta do Thadhg Mac DhonnagĂĄin ag Gradam Liteartha an AE

NÓS, 24 Apr

Tugadh ‘aitheantas speisialta' don ĂșrscĂ©al Madame Lazare leis an Ășdar agus foilsitheoir Tadhg Mac DhonnagĂĄin in Paris na Fraince oĂ­che DĂ© hAoine ag Gradam Liteartha an Aontais Eorpaigh. Is Ă© Madame Lazare an chĂ©ad ĂșrscĂ©al Ăł pheann Thaidhg, ar leis an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata agus an t-inphrionta Barzaz ar an SpidĂ©al, agus is Ă© an chĂ©ad leabhar Gaeilge a ainmnĂ­odh do Ghradam Liteartha an AE riamh.

“Is rĂ­mhĂłr agam an onĂłir seo, ar an gcĂ©ad dul sĂ­os a bheith ainmnithe thar ceann na hÉireann agus anois a bheith roghnaithe i measc na n-Ășdar don aitheantas speisialta seo. Ceann de na prĂ­omh-aidhmeanna atĂĄ leis an EUPL nĂĄ leabhair a chur ĂĄ lĂ©amh taobh amuigh de na tĂ­ortha agus na pobail teanga inar scrĂ­obhadh iad. FĂ­orĂș aislinge a bheadh ann dom a leithĂ©id sin a fheiceĂĄil ag tarlĂș le Madame Lazare," a dĂșirt Tadhg Mac DhonnagĂĄin.

Ceithre leabhar dĂ©ag as ceithre thĂ­r dĂ©ag a bhĂ­ san iomaĂ­ocht don ghradam mĂłr, agus bronnadh an ‘t-aitheantas' speisialta' ar sheisear Ășdar: Tadhg fĂ©in as Éirinn; Gaea Schoeters, as an mBeilg; Slađna Nina Perković, as an mBoisnia agus an HeirseagaivĂ©in; Jacobo Bergareche, as an SpĂĄinn; Eugenia Kutznetsova, as an ÚcrĂĄin; agus Iva Pezuashivli, as an tSeoirsia, a thug lĂ©i craobh an chomĂłrtais mhĂłr dĂĄ ĂșrscĂ©al Gბუნკერი (SiĂșit Bhruscair).

The distinguished authors in alphabetical order (by country):Belgium: Gaea SchoetersBosnia and Herzegovina: Slađana Nina PerkovićGeorgia: Iva PezuashviliIreland: Tadhg Mac DhonnagáinSpain: Jacobo BergarecheUkraine: Eugenia Kuznetsova pic.twitter.com/BW0ZPrNaDl

— EUPL (@EUPLPrize) April 22, 2022

“Is scĂ©al Ă© faoi bheirt bhan, an bhean Ăłg Levane a tĂłgadh ina GiĂșdach i bPĂĄras agus a seanmhĂĄthair a thĂłg Ă­. An tuiscint a bhĂ­ ag Levane Ăł bhĂ­ sĂ­ Ăłg nĂĄ gur as tuaisceart na hEorpa a seanmhĂĄthair agus gur theith sĂ­ Ăł na Naitsithe aimsir an Chogaidh, gur maraĂ­odh gach aon duine a bhain lĂ©i sa gcogadh, gur thĂĄinig sĂ­ fĂ©in slĂĄn agus nach raibh sĂ­ ag iarraidh a bheith ag caint faoi. Ach i ndeireadh a saoil Ă©irĂ­onn an tseanbhean, Madame Lazare, cineĂĄl scaipthe ina hintinn agus tosaĂ­onn blĂșirĂ­ eolais ag teacht uaithi a thugann le fios do Levane go bhfuil gach rud atĂĄ inste ag an tseanbhean di faoina hĂłige brĂ©agach.

“Is leabhar Ă© faoi chĂșrsaĂ­ cuimhne, na rudaĂ­ a gcuimhnĂ­onn daoine orthu, nach rudaĂ­ nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh orthu, agus an chaoi a dtagann rudaĂ­ aniar Ăł chĂșl na cuimhne, uaireanta i ngan fhios do dhaoine agus uaireanta in ainneoin a gcuid iarrachtaĂ­ rudaĂ­ a choinneĂĄil faoi chois,” a dĂșirt Tadhg agus Ă­ ag cur sĂ­os ar a chĂ©ad ĂșrscĂ©al.

Bhuaigh an saothar Gradam Liteartha an Oireachtais in 2020 agus Leabhar na Bliana ag Gradaim Leabhar an Phoist in 2021.

Is féidir Madame Lazare a cheannach ó Barzaz anseo.