đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș nos1650539004.gmi captured on 2022-04-28 at 17:24:05. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

-=-=-=-=-=-=-

Aoife sa Chistin: Tagliatelle Ășr

Aoife NĂ­ ChiobhĂĄin, 21 Apr

Na comhĂĄbhair:

4 ubhPlĂșr pasta (00 Tipo)

Cuir an plĂșr amach ar chlĂĄr adhmaid mĂłr leathan. Dein poll i lĂĄr an phlĂșir ar nĂłs bolcĂĄin. Bris na huibheacha agus caith isteach i lĂĄr an phlĂșir iad. ÚsĂĄid forc chun an huibheacha a bhriseadh agus dein iad a mheascadh leis an bplĂșr. 

Ansin, dein an meascĂĄn a fhuineadh go ceann 10/15 nĂłimĂ©ad go mbeidh taos deas agat. ClĂșdaigh an taos le scannĂĄn cumhdaithe agus fĂĄg sa chuisneoir go ceann 30 nĂłimĂ©ad Ă©. 

DustĂĄil do chlĂĄr adhmaid le 1bsp plĂșr pasta. ÚsĂĄid crann fuinte chun an taos a leathnĂș amach mar bhileog 1mm ar thiĂșs. Gearr suas an taos i sraitheanna fada 0.75cm. ÚsĂĄid ĂĄbhairĂ­n beag plĂșir chun nach ngreamĂłidh an tagliatelle.

Cócaråil an tagliatelle in uisce beirithe saillte go ceann 3-5 nóiméad.