đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș nos1645199742.gmi captured on 2022-03-01 at 15:34:09. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

-=-=-=-=-=-=-

‘CĂ©n fĂĄth nach bhfuil muid ag tabhairt an tseans chĂ©anna vacsaĂ­nithe do ghasĂșir?’

MĂĄire Treasa NĂ­ Cheallaigh, 18 Feb

TĂĄ mĂ© cineĂĄl i bponc. TĂĄ beagnach dhĂĄ bhliain caite agam ag rĂĄ go gcaithfidh muid cloĂ­ leis an gcomhairle a thugann saineolaithe slĂĄinte poiblĂ­ dĂșinn. NĂ­lim ag rĂĄ gur aontaigh mĂ© le chuile chinneadh a rinneadh. Creidim go raibh muid i bhfad rĂłmhall le mascanna agus arĂ­s i bhfad rĂłmhall le mascanna ar ghasĂșir scoile agus gur Ă­oc muid as sin. BhĂ­ muid freisin i bhfad rĂł-mhall leis na srianta taistil idirnĂĄisiĂșnta anuraidh, nuair a dĂșradh linn gan an t-oileĂĄn a fhĂĄgĂĄil, ach bhĂ­ bealach isteach fĂłs ag aon duine a raibh fonn orthu.

BĂ­odh sin mar atĂĄ, go ginearĂĄlta, caithfear glacadh leis go ndearna an Fhoireann NĂĄisiĂșnta ÉigeandĂĄla SlĂĄinte PoiblĂ­ (NPHET) jab maith. Go hĂĄirithe nuair a thuigeann muid na laincisĂ­ a bhĂ­ ar an gcĂłras slĂĄinte mar gheall ar easpa foirne agus easpa spĂĄis.

ThĂ©is an mĂ©id sin tĂĄ mĂ© drogallach faoin athrĂș a deirtear linn atĂĄ ag le teacht maidir le mascanna. Nach mbeidh aon iallach ĂĄ chur ar dhaoine iad a chaitheamh nĂ­os mĂł, agus nach mbeidh ann ach moladh, seachas in ĂĄiteanna cosĂșil le hospidĂ©il. TĂĄ scoileanna fĂłs ag streachailt. NĂ­l an vacsaĂ­n faighte ag mĂłrĂĄin gasĂșr (locht eile mar creidim nach raibh an chumarsĂĄid sĂĄch lĂĄidir in iarracht tuismitheoirĂ­ a mhealladh).

TĂĄ go leor scoileanna fĂłs ĂĄ chailleadh agus daltaĂ­ agus mĂșinteoirĂ­ curtha as aicsean. NĂ­ raibh aon fhigiĂșir againn go dtĂ­ le cĂșpla lĂĄ faoin lĂ­on gasĂșir a bhĂ­ san ospidĂ©al mar gheall ar COVID-19. Sa trĂ©imhse Ăł thĂșs na bliana bhĂ­ os cionn 500 trĂ©imhse san ospidĂ©al ag gasĂșir idir 0-14 bliain. Sin 37% de gach trĂ©imhse ospidĂ©il do gach gasĂșir Ăł 2020.

MĂĄ cheapann tĂș go bhfuil mascanna nĂł vacsaĂ­n ag cur brĂș ar ghasĂșir, samhlaigh an brĂș a bhaineann le tĂĄstĂĄil ospidĂ©il, mascanna lĂĄn le hocsaigin agus an strus ar fad a bhaineann leis. TĂĄ thart ar 47 gasĂșr ag dul ag an ospidĂ©al chuile sheachtain mar gheall ar COVID-19. Galar is fĂ©idir a thriail a sheachaint le mascanna agus vacsaĂ­nĂ­.

Fuair muidne, na daoine fĂĄsta, deis pĂ©ire de na snĂĄthaid a fhĂĄil, agus an trĂ­Ăș ceann nuair a thĂĄinig Omicron. NĂ­l go leor de na pĂĄistĂ­ a tholg COVID faoi Nollaig agus san EanĂĄir i dteideal vacsaĂ­n fĂłs mar gheall air seo. CĂ©n fĂĄth nach bhfuil muid ag tabhairt an tseans chĂ©anna do ghasĂșir? 

Cén fåth nach bhfuil muid ag coinneåil mascanna ar an gcóras iompair poiblí? Cén dochar a dhéanfadh sé? Is ar éigean go raibh slaghdån orm le dhå bhliain agus is iontach an faoiseamh ón smaois é!

NĂł meas tĂș an bhfuil an t-imnĂ­ atĂĄ orm thar fĂłir? Is grĂșpa caomhach iad NPHET, go ginearĂĄlta. Is iomaĂ­ uair le dhĂĄ bhliain go raibh mĂ© buĂ­och gur Ăł dheas den teorann a bhĂ­ mĂ© agus nĂ­ Ăł thuaidh. Mar sin, seans maith gur acu atĂĄ an ceart an uair seo chomh maith. Ach fĂłs, nĂ­ maith liom Ă©.