💾 Archived View for gem.amigausers.ie › news_ie › nuachttg4_twitter.index_tw.gmi captured on 2021-12-06 at 14:29:53. Gemini links have been rewritten to link to archived content
⬅️ Previous capture (2021-12-05)
-=-=-=-=-=-=-
06 Dec
· Beidh an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (PUP) ar fáil arís ón lá amárach do dhaoine atá leagtha amach óna gcuid oibre de bharr na srianta is deireanaí Covid atá i bhfeidhm sa Stát. https://bit.ly/3IAQYEn Beidh 5 ráta d'íocaíocht seachtainiúil i gceist.
· Dúirt an Teachta Dála Fianna Fáileach do Ghaillimh Thiar,Eamon Ó Cuív go bhfuil sé in am anois ag Éireannaigh ó dheas den teorainn comhrá a thosú maidir le hathaontú na tíre seo. http://bit.ly/3rGMMgg Bhí sé ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna.
· Stoirm mhór geallta san Iarthar agus sa Deisceart https://bit.ly/31xjVQk
· Tá an Roinn Oideachais tar éis dul siar ar ordú conspóideach a thug sé an tseachtain seo caite maidir le caitheamh mascanna i mbunscoileanna. http://bit.ly/3lEp7sJ
· Tá cainteanna ar bun idir ionadaithe i rannóg an fháilteachais agus an Rialtas i dtaca le srianta Covid-19. https://bit.ly/3GeO7Pe
03 Dec
· Scéalta Spóirt an lae @RIomaire
· Ní raibh leasú chomh daor riamh is atá sé faoi láthair. An praghas ard atá ar ghás nádúrtha & srianta trádála ar an mbun-ábhar is cúis leis. Measann lucht talmhaíochta go mbeidh géarchéim san earnáil go luath agus go mbeidh ganntannas bia mar thoradh air. Tuairisc @omainnintomas
· Deir Aontas na Mac Léinn i nGaillimh go bhfuil Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cur sláinte a gcuid mac léinn i mbaol de bharr na socruithe atá déanta scrúduithe a reachtáil ar an láthair seachas ar líne. Deir an Ollscoil nach bhfuil ach 40% do mhic léinn le bheith ar an láthair.
· Ní mó ná sásta atá daoine in earnáil an fháilteachais faoi na srianta atá fógartha. Droch lá amach is amach atá ann a deir ceannaire Chónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann. Tuairisc @dinglenews
· Tá srianta nua fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna a thiocfaidh i bhfeidhm ó Dé Máirt seo chugainn. Ghlac an Rialtas leis na moltaí ar fad a rinne NPHET i dtaobh cúrsaí fáilteachais agus cuartaíochta. Tuairisc ag Caoimhe Ní Laighin
· Srianta Nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic le Covid-19. Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm ó Dé Máirt seo chugainn, an 7ú Nollaig https://bit.ly/3GfjlWi
· Tréimhse phríosúin 10 mbliana gearrtha ar iar-léiritheoir Spóirt de chuid RTÉ as mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar pháistí óga https://bit.ly/3Dpwcn8
· Cead isteach ag 50% go ceolchoirmeacha agus ócáidí eile faoi dhíon molta ag NPHET https://bit.ly/3Gflf9H
· Tá comhairle curtha ag NPHET ar an Rialtas srianta a chur i bhfeidhm ar ócáidí faoi dhíon. Tá sé molta acu nach mbeadh cead isteach go ceolchoirmeacha agus go hócáidí eile faoi dhíon - ach ag 50%
· An chéad chás don athraitheach nua Omicron, a scaipeadh go háitiúil, aimsithe san Astráil. Ní raibh an té atá i gceist thar sáile ná i dteagmháil le aon duine a bhí thar lear https://bit.ly/3lvSUUH
· Moill 48 uair an chloig curtha ag an Rialtas ar thástáil PCR & Antaigine ag aerfoirt agus calafoirt na tíre https://bit.ly/3orQ9Wp
· Srianta molta ag NPHET sa litir is déanaí a seoladh go dtí an tAire Sláinte https://bit.ly/3DjBHnp
02 Dec
· FÍSEÁN Saoráidí sealadacha tástála le cur ar fáil in áiteanna a bhfuil ráigeanna Covid-19, Béal Átha na Sluaighe ina measc
· FÍSEÁN H91 T38X ... má tá airgead agat agus croí a chaite, tá teach áirgiúil i nGaillimh le díol a bhfuil scéal spéisiúil grá luaite leis