💾 Archived View for gem.amigausers.ie › news_ie › nuachttg4_twitter.index_tw.gmi captured on 2021-12-05 at 23:47:19. Gemini links have been rewritten to link to archived content
-=-=-=-=-=-=-
03 Noll
· Scéalta Spóirt an lae @RIomaire
· Ní raibh leasú chomh daor riamh is atá sé faoi láthair. An praghas ard atá ar ghás nádúrtha & srianta trádála ar an mbun-ábhar is cúis leis. Measann lucht talmhaíochta go mbeidh géarchéim san earnáil go luath agus go mbeidh ganntannas bia mar thoradh air. Tuairisc @omainnintomas
· Deir Aontas na Mac Léinn i nGaillimh go bhfuil Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cur sláinte a gcuid mac léinn i mbaol de bharr na socruithe atá déanta scrúduithe a reachtáil ar an láthair seachas ar líne. Deir an Ollscoil nach bhfuil ach 40% do mhic léinn le bheith ar an láthair.
· Ní mó ná sásta atá daoine in earnáil an fháilteachais faoi na srianta atá fógartha. Droch lá amach is amach atá ann a deir ceannaire Chónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann. Tuairisc @dinglenews
· Tá srianta nua fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna a thiocfaidh i bhfeidhm ó Dé Máirt seo chugainn. Ghlac an Rialtas leis na moltaí ar fad a rinne NPHET i dtaobh cúrsaí fáilteachais agus cuartaíochta. Tuairisc ag Caoimhe Ní Laighin
· Srianta Nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic le Covid-19. Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm ó Dé Máirt seo chugainn, an 7ú Nollaig https://bit.ly/3GfjlWi
· Tréimhse phríosúin 10 mbliana gearrtha ar iar-léiritheoir Spóirt de chuid RTÉ as mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar pháistí óga https://bit.ly/3Dpwcn8
· Cead isteach ag 50% go ceolchoirmeacha agus ócáidí eile faoi dhíon molta ag NPHET https://bit.ly/3Gflf9H
· Tá comhairle curtha ag NPHET ar an Rialtas srianta a chur i bhfeidhm ar ócáidí faoi dhíon. Tá sé molta acu nach mbeadh cead isteach go ceolchoirmeacha agus go hócáidí eile faoi dhíon - ach ag 50%
· An chéad chás don athraitheach nua Omicron, a scaipeadh go háitiúil, aimsithe san Astráil. Ní raibh an té atá i gceist thar sáile ná i dteagmháil le aon duine a bhí thar lear https://bit.ly/3lvSUUH
· Moill 48 uair an chloig curtha ag an Rialtas ar thástáil PCR & Antaigine ag aerfoirt agus calafoirt na tíre https://bit.ly/3orQ9Wp
· Srianta molta ag NPHET sa litir is déanaí a seoladh go dtí an tAire Sláinte https://bit.ly/3DjBHnp
02 Noll
· FÍSEÁN Saoráidí sealadacha tástála le cur ar fáil in áiteanna a bhfuil ráigeanna Covid-19, Béal Átha na Sluaighe ina measc
· FÍSEÁN H91 T38X ... má tá airgead agat agus croí a chaite, tá teach áirgiúil i nGaillimh le díol a bhfuil scéal spéisiúil grá luaite leis
· FÍSEÁN Gá le gníomh anois, a deirtear sa tuarascáil is deireanaí faoin lucht siúil a foilsíodh inniu
· FÍSEÁN Fíneáil €24.5 milliún gearrtha ar Bhanc na hÉireann faoi rialúcháin a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise a shárú
· FÍSEÁN Mórchomóradh speisialta le déanamh an bhliain seo chugainn ar an luíochán marfach a rinneadh ar Mhicheál Ó Coileáin ag Béal na Blá
· FÍSEÁN "Mortabháil ar an Rialtas tacú le gnóthadóirí agus oibrithe má thugtar tuilleadh srianta isteach," a deir an freasúra
· FÍSEÁN An t-athraitheach Oimiocrón ag scaipeadh go tréan san Afraic Theas