💾 Archived View for gem.amigausers.ie › news_ie › 1637949207.gmi captured on 2021-12-04 at 18:04:22. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

⬅️ Previous capture (2021-12-03)

➡️ Next capture (2021-12-05)

-=-=-=-=-=-=-

Aoife sa Chistin: Humas cairéad agus cnónna coill

NĂ“S, 26 Nov

Na comhábhair:

3 cairéad, scúite agus gearrtha100g cnó coill1 tsp cainéal1 tsp noitmig 1 bsp íle olóigeSalann1 oráiste, an sú amháin1 stán sicphiseánaigh, an leacht leo½ tsp púdar sillí

Teocht an oighinn @ 180ºC (gaothán).

Gearr na cairéid agus dein iad a róstáil le spúnóg íle, 1 tsp cainéal, 1 tsp noitmig agus gráinne salainn go ceann 30 nóiméad. Dein na cnónna coill a róstáil ar stán bácála go ceann 20 nóiméad. Lig dóibh fuarú tamall. Dein iad a rolláil ansan i dtuáille chun an craiceann a bhaint des na cnónna.

Caith na comhábhair go léir isteach i bpróiseálaí bídh nó dein iad a bhriseadh suas le tuairgnín práta. Blaistigh le salann agus púdar sillí agus maisigh le cnónna coill agus sáiste atá friochta in ábhairín íle olóige. Bheadh an hummus seo deas le harán pitta nó glasraí amha.