đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș 1637779075.gmi captured on 2021-12-04 at 18:04:22. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2021-12-03)

âžĄïž Next capture (2021-12-05)

-=-=-=-=-=-=-

Is fearr ‘cha’ nĂĄ ‘ní’ a ĂșsĂĄid – Eadar-Ghaelg IV

CiarĂĄn Dunbar, 24 Nov

D’fhoilsigh mĂ© roinnt smaointe ar ‘Eadar-Ghaelg’ cheana, cĂłras nĂł comhairle a bhfuil mar aidhm aige cumarsĂĄid ‘pan-Ghaeilge’ a Ă©ascĂș.

TĂĄ an smaointeoireacht seo faoi thionchar mĂłr na teanga chĂșnta Interlingua, teanga a thuigfeadh duine ar bith a bhfuil teanga rĂłmĂĄnsach acu gan lĂĄ staidĂ©ir a dhĂ©anamh uirthi agus a d’éascĂłdh teagmhĂĄil idir mhuintir Laidine an domhain – dĂĄ dtabharfaĂ­ deis dĂł.

Déanta na fírinne, níor chaith mé ach ar a mhéid trí uair a chloig ag foghlaim Interlingua (bhí Iodåilis mheasartha agus Béarla agam roimhe) ach is doiligh smaoineamh gurbh fhéidir am a chaitheamh ar bhealach níos fearr.

Chaith mĂ© roinnt laethanta i gcomhluadar SpĂĄinneach ar na mallaibh agus rinne an trĂ­ uair a chloig sin go leor chun tuiscint na SpĂĄinnise a Ă©ascĂș agus chun ligin dom mĂ© fĂ©in a chur in iĂșl go pointe.

TĂĄ cuid mhaith Interlingua ar fĂĄil ar YouTube agus tĂĄ beagĂĄn de ar an aip foghlamtha Memrise chomh maith. TĂĄ a leithĂ©id ann agus ‘Eadar-Slavais’ lena chois ach nĂ­ heol dom mĂłrĂĄn fĂșithi seo go fĂłill.

TĂĄ mo chuid smaointe ar an ĂĄbhar seo ag Ă©abhlĂłidiĂș de rĂ©ir a chĂ©ile, de rĂ©ir mar a fhoghlaimĂ­m nĂ­os mĂł faoi Ghaeilge na hAlban agus de rĂ©ir mar a dhĂ©anaim obair trĂ­ mheĂĄn na canĂșna seo. Deirtear liom go bhfuil ‘GĂĄidhlig lĂĄr na Srutha’ agam faoi am seo, agus nĂ­ miste Ă© sin, seans gur leor Ă© sin?

Go dtĂ­ seo, bhĂ­ na pointĂ­ a bhĂ­ idir lĂĄmh agam maidir le hEadar-Ghaelg measartha Ă©asca – ach anois, bheadh cinntĂ­ mĂłra le dĂ©anamh.

NĂ­ vs cha

Is Ă© ceann de na prĂ­omhcheisteanna nĂĄ, agus tĂĄ sĂ© idir chasta agus shimplĂ­, ar cheart an mhĂ­r dhiĂșltach ‘ní’ nĂł ‘cha’ a ĂșsĂĄid?

Is Ă© ‘ní’ an leagan is ĂșdarĂĄsaĂ­ agus is clasaicĂ­ dar liom. CĂ© nach bhfuil ‘ní’ beo in Albain anois, thuigfeadh Albanach nĂł Manannach oilte sa teanga ‘ní’ go cinnte, seans nach dtuigfeadh gnĂĄth-Ghael na croite Ă© ĂĄfach.

Measaim go dtuigfeadh daoine ‘cha’ nĂ­os forleathana in Éirinn nĂĄ mar a thuigfĂ­ ‘ní’ in Albain agus i Manainn, mar gheall ar RaidiĂł na Gaeltachta go prĂ­omha, agus tĂĄ ĂșdarĂĄs na staire aige fosta.

TĂĄ / bhĂ­ sĂ© le cloisteĂĄil in Acaill, chuala mĂ© ‘chan’ ag cainteoir dĂșchais Chonamara fiĂș (duine sna meĂĄin, tá’s agat). Chomh maith leis sin baineadh ĂșsĂĄid choitianta as idir an BhĂłinn agus Cnoc Fola trĂĄth.

Agus, thar rud ar bith eile, tĂĄ ‘cha’ beo in Éirinn go fĂłill, baintear ĂșsĂĄid as i gclĂł, ar an aer, agus tĂĄ sĂ© san fhoclĂłir, agus go dtĂ­ le dĂ©anaĂ­ bhĂ­ sĂ© sa chaighdeĂĄn oifigiĂșil – cad sa diabhal eile atĂĄ uait?

Mar sin – cloĂ­gh le ‘cha’, sin a mholaim, mar mhĂ­r dhiĂșltach na hEadar-Ghaelg.

Uime sin:

Ní > Chan fheil. (deir ‘il’)Ní raibh > Cha rabh (deir robh)Ní dheachaigh > Cha deachaidh 

Agus mar sin de.

An briathar ‘bí’

Is Ă© an briathar ‘bí’ an ceann is tĂĄbhachtaĂ­ i dteanga ar bith. Smaoinigh ar cĂ© chomh minic is a deir tĂș ‘tĂĄ mé’.

Ach seans go ndeir tĂș ‘tĂĄim’ nĂł ‘thĂĄim’ go fiĂș. In Albain deir siad ‘tha mi’, i Manainn deirtear ‘ta mee’.

Sa chĂ©ad dul sĂ­os, cĂ© go raibh foirmeacha tĂĄite (ar nĂłs (a)tĂĄim, (a)tĂĄid) sa Ghaeilge Chlasaiceach, mar atĂĄ go fĂłill i nGaeilge na Mumhan, ar mhaithe le tuiscint is fearr na foirmeacha scartha a ĂșsĂĄid, measaim.

Thuigfeadh fear i gClĂ©ire ‘tĂĄ mé’ ach gach seans nach dtuigfeadh fear as Muile ‘thĂĄim’, mar shampla.

‘Tha’ a deirtear in Albain, ‘tá’ a deirtear in Éireann de ghnĂĄth (cĂ© go bhfuil ‘thá’ le fĂĄil go minic i gcĂșige Mumhan, go hĂĄirithe sa Rinn, agus corr-uair in Ultaibh fiĂș, i bhFĂĄnaid cuir i gcĂĄs) agus in OileĂĄn Mhanann.

CĂ© ceann acu is fearr mar sin?

Sa chĂĄs ĂĄirithe seo bheinn ag moladh ‘tá’ a ĂșsĂĄid ach nĂ­ bheinn docht fiĂș – sĂ­lim gur fĂ©idir an dĂĄ rud.

Mar sin de, seo paraidím den bhriathar ‘bí’ san aimsir láithreach san Eadar-Ghaelg.

TĂĄ mi*

TĂĄ tĂș

TĂĄ Ă­**

TĂĄ Ă©**

TĂĄ sibh

TĂĄ sinn

TĂĄ iad*

Bain triall as cibĂ© ar bith agus cuir in iĂșl dom cad Ă© mar a d’éirigh leat, le leithĂ©id Zoom agus mar sin de, cĂ©n leithscĂ©al atĂĄ agat?

Seo Eagrån IV den tsraith Eadar-Ghaelg: Comhtheanga na nGael le Ciarån Dunbar. Is féidir na heagråin eile a léamh anseo:

EagrĂĄn IEagrĂĄn IIEagrĂĄn III