đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș 1637694283.gmi captured on 2021-12-04 at 18:04:22. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

âŹ…ïž Previous capture (2021-12-03)

âžĄïž Next capture (2021-12-05)

-=-=-=-=-=-=-

Gradam ‘Leabhar na Bliana’ buaite ag ‘Madame Lazare’ Thaidhg Mhic Dhonnagáin

NÓS, 23 Nov

TĂĄ an chraobh tugtha leis ag an Ășdar Tadhg Mac DhonnagĂĄin ag Gradaim Leabhar an Phoist dĂĄ shaothar Madame Lazare a foilsĂ­odh nĂ­os tĂșisce i mbliana. TĂĄ na gradaim ĂĄ mbronnadh ag searmanas fĂ­orĂșil anocht ar shuĂ­omh RTÉ Culture.

BhĂ­ Madame Lazare san iomaĂ­ocht le ceithre leabhar eile don ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana': An CheathrĂș Rua agus na hOileĂĄin sa NaoĂș hAois DĂ©ag le hÁine NĂ­ Chonghaile, InnĂ­ le RĂ©altĂĄn NĂ­ LeannĂĄin, RĂ© na bhFathach le Colm Ó CeallachĂĄin, agus MĂ© Suibhne le Feargal Ó Bearra. Ba Ă­ BlĂĄthnaid NĂ­ Chofaigh a bhronn an gradam don leabhar Gaeilge is fearr ar Thadhg Mac DhonnagĂĄin.

"Is scĂ©al Ă© faoi bheirt bhan, an bhean Ăłg Levane a tĂłgadh ina GiĂșdach i bPĂĄras agus a seanmhĂĄthair a thĂłg Ă­. An tuiscint a bhĂ­ ag Levane Ăł bhĂ­ sĂ­ Ăłg nĂĄ gur as tuaisceart na hEorpa a seanmhĂĄthair agus gur theith sĂ­ Ăł na Naitsithe aimsir an Chogaidh, gur maraĂ­odh gach aon duine a bhain lĂ©i sa gcogadh, gur thĂĄinig sĂ­ fĂ©in slĂĄn agus nach raibh sĂ­ ag iarraidh a bheith ag caint faoi. Ach i ndeireadh a saoil Ă©irĂ­onn an tseanbhean, Madame Lazare, cineĂĄl scaipthe ina hintinn agus tosaĂ­onn blĂșirĂ­ eolais ag teacht uaithi a thugann le fios do Levane go bhfuil gach rud atĂĄ inste ag an tseanbhean di faoina hĂłige brĂ©agach.

"is leabhar Ă© faoi chĂșrsaĂ­ cuimhne, na rudaĂ­ a gcuimhnĂ­onn daoine orthu, nach rudaĂ­ nach bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag cuimhneamh orthu, agus an chaoi a dtagann rudaĂ­ aniar Ăł chĂșl na cuimhne, uaireanta i ngan fhios do dhaoine agus uaireanta in ainneoin a gcuid iarrachtaĂ­ rudaĂ­ a choinneĂĄil faoi chois," a dĂșirt Tadhg agus Ă© ag mĂ­niĂș scĂ©al a leabhair do lĂĄithreoir an chlĂĄir gradam Evelyn O'Rourke.

The 2021 winner of the @loveleabharG Irish Language Book of the Year is 
 @tadhg_mac_dh for ‘Madame Lazare’ Comghairdeas Tadgh! #ReadersWanted #APIBA pic.twitter.com/KK51S9KnFX

— An Post (@Postvox) November 23, 2021

Is féidir Madame Lazare a cheannach ó Barzaz anseo.