đŸ’Ÿ Archived View for gem.amigausers.ie â€ș news_ie â€ș 1637086586.gmi captured on 2021-11-30 at 20:18:30. Gemini links have been rewritten to link to archived content

View Raw

More Information

-=-=-=-=-=-=-

‘Caithfear an t-infreastruchtĂșr luchtaithe do charranna leictreacha a mhĂ©adĂș’

Domhnall Ó Braonáin, 16 Samh 21 18:16

An tseachtain seo caite scrĂ­obh mĂ© alt faoin ngĂ©archĂ©im aerĂĄide agus thug mĂ© cĂșpla tuairim faoin gcaoi a gceapann mĂ© fĂ©in ar cheart dĂșinn a ghabhĂĄil i ngleic lĂ©i. Luaigh mĂ© bealaĂ­ le leictreachas a ghineadh nach bhfuil in ĂșsĂĄid againn fĂłs agus dĂșirt mĂ© nĂĄr cheart a bheith ag sĂ­neadh mĂ©ire ar an ngnĂĄthdhuine nĂł go mbeidh bealaĂ­ curtha ar fĂĄil ag an rialtas le go mbeadh seans ag duine ar bith saol nĂ­os glaise a chaitheamh.

Rud eile a chaithfear a dhĂ©anamh mĂĄ tĂĄ muid ag gabhĂĄil carranna ola a chur as ĂșsĂĄid nĂĄ mĂ©adĂș mĂłr millteach a dhĂ©anamh ar an infreastruchtĂșr luchtaithe do charranna leictreacha. NĂ­l lĂĄithreacha luchtaithe le feiceĂĄil in ĂĄit ar bith i ndĂĄirĂ­re.

Cheapfainn go bhfuil cĂșpla ceann feicthe agami gcarrchlĂłsanna na foirne ag an ollscoil ach nĂ­l oiread agus ceann feicthe agam san ionad pĂĄirceĂĄla agus taistil a bhfuil cead ag na mic lĂ©inn a ĂșsĂĄid. NĂ­l ach cĂșpla ceann le feiceĂĄil ag cĂșpla stĂĄisiĂșn peitril sa gcathair agus nĂ­ fhaca mĂ© stĂĄisiĂșn peitril fĂłs a raibh nĂ­os mĂł nĂĄ ceann amhĂĄin acu.

Tuigim go luchtaítear sa mbaile iad thar oíche agus go mbíonn a ndóthain cumhachta ann le duine a thabhairt thart ar ghnåthlå ach fós féin mås sin í an chéim atå muid ag iarraidh a thógåil caithfear deis luchtaithe a chur ar fåil do dhaoine in åiteacha eile.

Maidir le hiompar leoraithe, chuala mĂ© duine Ă©icint ar an raidiĂł ag tabhairt amach do chrĂ©atĂșr Ă©icint a bhĂ­ ina urlabhraĂ­ do na tiomĂĄnaithe leoraithe mar gheall go raibh sĂ© ag rĂĄ an rud cĂ©anna faoin gceist airgid. BhĂ­ seisean ag rĂĄ cĂ©n chaoi a bhfuiltear ag sĂșil go n-athrĂłdh siadsan go dtĂ­ leoraithe nach sceitheann carbĂłn gan cabhair airgid. Agus tĂĄ an ceart ar fad aige. TĂĄ mĂ© cinnte go mbeadh siad lĂĄn sĂĄsta athrĂș dĂĄ mbeadh sĂ© d’acmhainn acu ach nĂ­l pĂłcaĂ­ lĂĄna ag chuile dhuine.

TĂĄthar ag tĂĄstĂĄil scĂ©ime sa nGearmĂĄin faoi lĂĄthair go n-oibreodh leoraithe leictreacha mar a oibrĂ­onn traenacha faoi lĂĄthair. Is Ă© n chaoi a n-oibrĂ­onn sĂ© nĂĄ go dtagann leoraĂ­ isteach ar an mĂłtarbhealach agus os cionn ceann de na lĂĄnaĂ­ tĂĄ cĂĄbla leictreach. Nuair a thiomĂĄineann an leoraĂ­ isteach faoi tagann lĂĄmh nasctha anĂ­os Ăłn leoraĂ­ agus cruthaĂ­onn sĂ© ceangal leictreach leis an gcĂĄbla agus bĂ­onn an leoraĂ­ dĂĄ luchtĂș an fhad agus a fhanann sĂ© faoi.

Ní saineolaí eacnamaíochta mé agus tå mé cinnte go bhfuil mile fåth ann nach n-oibreodh sé seo nach smaoineoinn féin go bråch orthu ach bhí smaoineamh beag agam maidir le ceist na feola.

TĂĄ a fhios againn uilig go gcaithfidh muid gearradh siar ar an mĂ©id feola a itheann muid. Freisin tĂĄ feoil i bhfad rĂł-shaor le ceannach i gcomparĂĄid leis an mĂ©id fuinnimh a chuirtear isteach i ngach uile bhĂł nĂł muc srl. CĂ©n fĂĄth nach gcuirtear luach an carbon offset isteach i bpraghas na feola agus ansin cosaintĂ­ a thabhairt d’fheilmĂ©araĂ­ na hÉireann i margadh na hÉireann ar a laghad (i.e. gan a bheith ag dĂ©anamh margaĂ­ leis an mBrasaĂ­l) agus, mĂĄs fĂ©idir, i margadh na hEorpa freisin. B’fhĂ©idir thrĂ­ brĂș a chur ar thĂ­ortha eile na hEorpa an rud cĂ©anna a dhĂ©anamh. D’fhĂĄgfadh sĂ© sin go mbeadh feoil beagĂĄn nĂ­os costasaĂ­, rud a laghdĂłidh an mĂ©id a itear agus bheadh airgead ag gabhĂĄil i dtreo tionscadal nĂ­os neodraĂ­ i leith an charbĂłin.